Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo Cúrsaí > Cúrsaí Iarchéime

Iarchéim

Anseo i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, cuireann muid trí chúrsa iarchéime múinte ar fáil: an Dioplóma sa Sean-Ghaeilge agus an M. Phil. i nGaeilge na Meánaoise (Cúrsaí bliana an dá cheann), agus Dioplóma Iarchéime sa ghaeilge do Mhúinteoirí (dhá bhliain páirtaimseartha).

Cuireann an MPhil dhá shraith modúl ar fáil. Beidh modúil sa Nua-Ghaeilge Chlasaiceach ar fáil gach bliain. Cuirfear modúil sa Luath-Ghaeilge ar fáil gach ré-bhliain le cur le hobair an Dioplóma - bíonn na cúrsaí seo ar siúl bliain i ndiaidh a chéile, .i. MPhil le modúil sa Luath-Ghaeilge ar siúl an bhliain seo 2024/25 (.i. an chéad bhliain eile iontrála 2026/27) agus Dioplóma sa tSean-Ghaeilge an bhliain seo chugainn 2025/26, - ach is féidir iad a ghlacadh neamhspleách óna chéile. Beidh an M.Phil. sa Ghaeilge Chlasaiceach ar fáil i 2025/26 (agus gach bliain ina dhiaidh sin).

Cúrsa nua a thosaigh Mí Eanáir 2025 is ea an chéim pháirtaimseartha Dioplóma Iarchéime sa Ghaeilge do Mhúinteoirí (lean an nasc thíos).

Cuireann muid fáilte roimh iarratas ar an taighde chomh maith. Is féidir le mic léinn taighde PhD (3-5 bliana) a dhéanamh faoi stiúir bhall foirne.

Brúigh ar na nascanna seo thíos le tuilleadh eolais a fháil ar do roghanna iarchéime: