Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo Cúrsaí > Cúrsaí Iarchéime > Cúrsaí Múinte Iarchéime > Diop IC sa Ghaeilge do Mhúinteoirí

Dioplóma Iarchéime sa Ghaeilge do Mhúinteoirí

Aidhmeanna

Tá Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, in éineacht le hInstitiúid Oideachais Marino, chun clár nuálach dhá bhliain a thairiscint atá dírithe ar scileanna múinteoirí cláraithe iar-bhunscoile sa Ghaeilge a fheabhsú. Beidh rannpháirtithe an chláir in ann clárú chun an Ghaeilge a mhúineadh go dtí leibhéal na hArdteistiméireachta i scoileanna tar éis dóibh an clár a chur i gcrích go rathúil.

Cuirfear an clár páirtaimseartha seo, a thosóidh mí Eanáir 2025, ar fáil ar bhealach solúbtha agus nuálaíoch chun rannpháirtíocht leathan a chumasú, chun freastal ar mhúinteoirí i róil lánaimseartha agus pháirtaimseartha araon, chomh maith leo siúd atá lonnaithe ar fud na tíre.

Déanfar an clár a sholáthar ar bhealach a chuirfidh ar chumas rannpháirtithe tabhairt faoi eispéiris foghlama nua thar fhoghlaim duine le duine, ar líne agus bunaithe ar chleachtas.

Faid

Maireann an cúrsa ar feadh dhá bhliain acadúil, ag tosú Mí Eanáir 2025, agus is cúrsa staidéir páirtaimseartha é.

Struchtúr freastail : Eolas le teacht

Iarratais

Níl an cúrsa ar fáil go fóill ar chóras iarratais Choláiste na Tríonóide. Seolfar an cúrsa i Mí Mheán Fómhair agus beidh tuilleadh eolais dá chur ar fáil idir seo agus sin.

Más mian leat fógra a fháil uainn nuair a bhíonn an córas iarratais oscailte, seol rphost chuig riarthóir an chúrsa, Caoimhe ní Bhraonáin, ag nibhraoc@tcd.ie.

Obair an chúrsa

Struchtúr an chúrsa: Eolas le teacht
Ar líne agus ar an láthair a bheidh an teagasc. Beidh tréimhse cónaitheach le déanamh freisin.
Cuirfear leagan amach na modúl agus lámhleabhar an chúrsa ar fáil anseo in am tráth. Beidh oíche oscailte againn sa bhfómhar - más mian leat bheith ar liosta eolais don chúrsa, seol rphost chuig riarthóir an chúrsa, Caoimhe ní Bhraonáin, ag nibhraoc@tcd.ie.