Tá an próiseas iarratais do Scéim an Champais agus na Dara Bliana 2024-25 oscailte.
Baineann an Scéim Cónaithe seo le mic léinn reatha i gColáiste na Tríonóide. Tá tuilleadh eolais faoin Scéim Cónaithe thíos.
Tá dhá chuid leis an Scéim Cónaithe seo:
a) Scéim Cónaithe an Champais: do mhic léinn fochéime sa dara, tríú agus ceathrú bliain (12 spás).
b) Scéim Cónaithe na Dara Bliana i Halla na Tríonóide: do mhic léinn fochéime sa dara bliain amháin (6 spás).
Léigh an t-eolas ar an leathanach seo go cúramach agus ansin cliceáil ar an nasc thíos chun an fhoirm iarratais (i nGaeilge) a íoslódáil.
Tá an Fhoirm Iarratais le fáil ag an nasc seo
Spriocdháta: Dé hAoine, 9 Bealtaine 2025
Eolas Ginearálta ar an Scéim Cónaithe
Is iad Oifig na Gaeilge agus Coiste na Gaeilge a riarann an Scéim i gcomhar le Cláraitheoir na Seomraí d’fhonn úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i saol na hollscoile. Leis seo, cuirtear lóistín lán-Ghaeilge ar fáil do mhéid áirithe mac léinn a ghlacann le agus a chomhlíonann coinníollacha na Scéime.
Is do mhic léinn fochéime lánaimseartha a bheidh sa dara, tríú agus ceathrú bliain i mí Mheán Fómhair 2025 an Scéim seo.
Táthar ag lorg mic léinn a bhfuil Gaeilge líofa acu, atá sásta í a labhairt san árasán ar bhonn laethúil agus a thacóidh le himeachtaí Gaeilge. Ní mór do gach mac léinn táillí iomlána na cóiríochta a íoc ach cuirtear deontas €1,000 an duine ar fáil ar chomhlíonadh choinníollacha na Scéime. Íoctar leath den deontas i ndiaidh Théarma na Féile Michíl agus an leath eile ag deireadh na bliana acadúla.
Ní mór iarratas ar leithligh a dhéanamh, lasmuigh den iarratas ar an Scéim Cónaithe, leis an Oifig Cóiríochta dá mba mhaith leat maireachtáil ar an gcampas nó i Halla na Tríonóide. Sa chaoi sin mura n-éiríonn leat áit a fháil ar an Scéim, beidh deis agat go fóill spás a fháil i lóistín na hollscoile. Tá tuilleadh eolais ar chóiríocht Choláiste na Tríonóide le fáil ag an nasc seo.
Is féidir spás a thairiscint don dara huair ar líon teoranta mac léinn a bhí ar an Scéim cheana ach ní féidir áit a bhaint amach ar an Scéim níos mó ná dhá uair.
An Chóiríocht
a) Bá na Luibheolaíochta ar champas Choláiste na Tríonóide
- Tá dhá spás déag ar fáil ar Scéim an Champais do mhic léinn fochéime sa dara, tríú nó ceathrú bliain in aon chúrsa staidéir.
- Tá sé árasán (lonnaithe i mBá na Luibheolaíochta de ghnáth) i gceist, agus maireann beirt mhac léinn i ngach árasán (d'fhéadfadh meascán inscní a bheith i gceist).
- Bíonn a s(h)eomra codlata singil féin ag gach mac léinn. Roinntear an seomra folctha agus an chistin/seomra suite.
b) Halla na Tríonóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6
- Tá 6 spás ar fáil do mhic léinn fochéime sa dara bliain in aon chúrsa staidéir.
- Maireann an seisear mac léinn in árasán amháin (d'fhéadfadh meascán inscní a bheith i gceist).
- Beidh seomra codlata singil agus seomra folctha dá gcuid féin ag gach mac léinn. Roinnfidh an seisear mac léinn an chistin/seomra suite.
- Níl sé ceadaithe do mhic léinn a bhfuil seoladh baile acu i mórcheantar Bhaile Átha Cliath iarratas a dhéanamh ar spás Scéime i Halla na Tríonóide.
An Próiseas Iarratais
Aibreán
Oscaítear an próiseas iarratas agus tugtar cuireadh do mhic léinn foirm iarratais a líonadh.
Bealtaine
Déantar gearrliostú ar na hiarratais agus tugtar cuireadh chun agallaimh do na mic léinn a bhaineann amach áit ar an ngearrliosta.
Tar éis na n-agallamh, roghnaítear dháréag mac léinn do Scéim an Champais agus seisear mac léinn do Scéim na Dara Bliana (18 mac léinn in iomlán) agus ofrálfar spás i lóistín Choláiste na Tríonóide do na mic léinn sin.
Lean Oifig Gaeilge Choláiste na Tríonóide ar na meáin shóisialta:
@GaeloifigTCD / @GaeloifigTCD / @GaeloifigTCD
|