Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo Baile

Roinn na Sláinte Domhanda

Fáilte chuig leathanach gréasáin Roinn na Sláinte Domhanda. Is foireann ildisciplíne daoine sinn a bhfuil de chomhsprioc againn córais sláinte a neartú lena chinntiú go mbeidh rochtain ag gach duine ar chúram sláinte ar ardchaighdeán. Léirítear an sprioc seo inár ngníomhaíochtaí taighde agus teagaisc go léir.

Féachann a gcuid teagaisc le cur le scileanna agus bonn eolais daoine atá ag obair anois nó ar mian leo dul ag obair amach anseo i bpost bainistíochta agus pleanála i gcórais sláinte phoiblí, in eagraíochtaí neamhrialtais, i rialtais, agus i ngníomhaireachtaí sláinte domhanda agus deontóra. An cur chuige atá againn i leith an teagaisc ná timpeallacht a chruthú a éascaíonn foghlaim idirghníomhach agus taithí a roinnt,  agus ionchuir teagaisc ar ardchaighdeán a chur ar fáil a chuireann béim ar anailís a dhéanamh ar na fadhbanna atá ag go leor córas sláinte i dtíortha i mbéal forbartha agus aghaidh a thabhairt orthu.

Tá clár taighde na Roinne, clár atá ag méadú go tapa, dírithe go mór ar chórais sláinte a neartú trí thaighde ar chórais agus ar pholasaí sláinte. Gnéchuid lárnach dár dtaighde go léir ná an nádúr rannpháirteach a bhaineann leis, a chinntíonn go mbíonn ceisteanna agus torthaí ár dtaighde chomh ábharthach do chleachtóirí agus don lucht déanta polasaí agus a bhíonn siad don lucht acadúil.  Déanaimid iarracht teacht ar réitigh phraiticiúla agus nuálacha ar fhadhbanna a aithnítear go háitiúil, inár ngníomhaíocht taighde go léir. Chun cabhrú linn é sin a bhaint amach, cruthaímid comhpháirtíochtaí le haireachtaí rialtais, le deontóirí, le heagraíochtaí neamhrialtais agus le hollscoileanna eile.