Mary Byrne
Mé Féin
Dia Dhaoibh, Mary is ainm dom, is mac léinn Léann na hEorpa mé (An Ghaeilge agus An Fhraincis) agus is as Baile Átha Cliath mé! Fáilte go dtí Painéal na Gaeilge. Is cuma liom más Gaeilgeoir thú, nó más rud é nach bhfuil ach cúpla focal agat, táim ag iarraidh deis réchúiseach a thabhairt do chách í a úsáid, so bígí i dteagmháil liom!!
Maidir liom féin, tá féith an cheoil ionam. Bím ag canadh, ag seinm agus ag éisteacht le ceol go minic. Is dócha gur saghas andúileach mé, agus níl mórán eile suimiúil fúm ach go mbím ag rith go minic (ionas go mbíonn níos mó ama agam le héisteacht le ceol).
Ar aon nós, táim mar bhall den phainéal seo ar mhaithe le cinntiú nach ndéanaim talamh slán den ghné eile atá tábhachtach i mo shaol, an Ghaeilge. D’fhás mé aníos leis an nGaeilge agus tuigim gur streachailt í dul i dtaithí ar an saol go hiomlán trí Bhéarla má tá ról lárnach ag an nGaeilge i do shaol pearsanta nó sa saol scoile cheana féin. Mar sin, táim ag iarraidh cló na normalachta a chur ar shaol na hollscoile trí úsáid na Gaeilge. Is cuma liom faoi chruinneas ná faoin tuiseal ginideach… so bígí liom!
Role:
Meantóirí Gaeilge
Pronouns:
sí/í
Course:
Léinn na hEorpa (An Ghaeilge agus An Fhraincís)