Skip to main content

Trinity College Dublin, The University of Dublin

Trinity Menu Trinity Search



Cad é Seanad Éireann?

Déantar Clár na dToghthóirí don Seanad do thoghcheantar Ollscoil Átha Cliath a ullmhú agus a choimeád de bhun an Achta Timpeal Toghachán, 1923. Is éard atá i gceist le Clár Sheanad Éireann, a fhoilsítear gach bliain ar an 1 Meitheamh, ná liosta d’ainmneacha, seoltaí agus cáilíochtaí céimithe de chuid Ollscoil Átha Cliath a bhfuil éileamh ar chlárú déanta acu.

Tá na daoine sin atá cláraithe incháilithe chun vóta a chaitheamh i dtoghcháin de chuid Sheanad Éireann laistigh de thoghcheantar Ollscoil Átha Cliath (DU).

Cuireadh deireadh le hiarratais lena n-áireamh ar chlár na bliana 2024 a ghlacadh ag meán oíche an 26 Feabhra 2024. Foilseofar clár na bliana 2024 ar an 1 Meitheamh, 2024.

Más mian leat do chuid sonraí a chur le clár toghthóirí na bliana 2025, cuir isteach thíos iad le do thoil.

Clár Toghthóirí an tSeanaid(2024)

Foilsíodh Clár Toghthóirí an tSeanaid 2024 ar an 1 Meitheamh 2024. Dá mba mhian leat a dhearbhú go bhfuil tú ar an gclár sealadach, téigh i dteagmháil le Deasc Seirbhíse na Clárlainne Acadúla trí ríomhphost a sheoladh chuig academic.registry@tcd.ie, nó trí ghlaoch ar an uimhir +353 (0)1 896 4500 nó i bpearsa. Nuair a théann tú i dteagmháil linn, bí cinnte go gcuirfidh tú an méid faisnéise ar fáil agus is féidir, lena n-áirítear:

  • Uimhir mic léinn (má tá sí ar fáil)
  • D’ainm iomlán (cuir an dara ainm/ainmneacha agus do shloinne roimh phósadh ar fáil más ábhartha)
  • Do dháta breithe
  • Cúrsa / Blianta inar freastalaíodh ar an ollscoil
  • Seoltaí faoina bhféadfá a bheith cláraithe roimhe seo.

Ní ceadmhach Clár na dToghthóirí a úsáid ach chun críocha toghcháin amháin, ach is ceadmhach Clár Toghthóirí coigeartaithe a úsáid chun críocha tráchtála freisin. Is i leagan amach leictreonach amháin a chuirtear an clár ar fáil agus is é an tsuim €114.75 an costas atá leis faoi láthair atá iníoctha le cárta creidmheasa nó cárta dochair, in éineacht leis an bhfoirm cheannacháin a chur isteach.

Más mian leat breathnú ar chóip den Chlár, is féidir sin a dhéanamh ag an deasc seirbhíse i bhFoirgneamh Watts. Déan teagmháil linn trí na sonraí thuas chun coinne a shocrú.  Maidir le faisnéis faoina bheith incháilithe le bheith ar Chlár Toghthóirí an tSeanaid do thoghcheantar Ollscoil Átha Cliath, féach ar ár gCeisteanna Coitianta thíos.

Sonraí Teagmhála ar an gClár a Leasú

Féadann toghthóir, in am ar bith, a chinntiú go bhfuil a gcuid sonraí cothrom le dáta trí iarratas a chur isteach chuig an gClárlann Acadúil, bíodh sin trí ríomhphost a sheoladh chuig academic.registry@tcd.ie, glaoch ar an uimhir +353 (0)1 896 4500 nó i bpearsa.  Mura gcuirtear sinn ar an eolas maidir le hathrú ar sheoladh, seolfar páipéir vótála chuig an seoladh atá ar an taifead agus ní mór nuashonruithe ar an méid sin a bheith faighte i scríbhinn ag academic.registry@tcd.ie

Nuair a dhéanann tú teagmháil linn, bí cinnte go gcuirfidh tú an méid faisnéise ar fáil agus is féidir, lena n-áirítear:

  • Uimhir mic léinn (má tá sí ar fáil)
  • D’ainm iomlán (cuir an dara ainm/ainmneacha agus do shloinne roimh phósadh ar fáil más ábhartha)
  • Do dháta breithe
  • Cúrsa / Blianta inar freastalaíodh ar an ollscoil
  • Seoltaí faoina bhféadfá a bheith cláraithe roimhe seo.

Ceisteanna Coitianta maidir le Seanad Éireann

Conas a dhéanaim iarratais le bheith ar Chlár na dToghthóirí?

Is féidir le céimithe a bhfuil céim bainte amach acu ó Ollscoil Átha Cliath (agus tabhair ar aird le do thoil gurb í an ollscoil agus ní an coláiste a bhronnann céimeanna cé gurb é Coláiste na Tríonóide an t-aon chomh-choláiste de chuid Ollscoil Átha Cliath) a gceart a éileamh le bheith curtha leis an gClár nuair a thugann siad freagra ar an gcuireadh chun céim a fháil. Chomh maith leis sin, is féidir le céimithe an fhoirm éilimh ar líne a chomhlánú anseo https://www.tcd.ie/academicregistry/graduation/seanad-eireann/seanad-form/gaeilge/.  

Ní mór gach éileamh atá le háireamh ar an gClár a bheith faighte faoin 26 Feabhra in aon bhliain ar leith le bheith curtha san áireamh ar Chlár na dToghthóirí a fhoilsítear ar an 1 Meitheamh sa bhliain sin. Ní gá ach clárú uair amháin seachas sa chás, ar cheann de na cúiseanna a thugtar thíos, gur baineadh ainm de Chlár na dToghthóirí.

Conas is féidir liom a chinntiú go bhfuilim ar Chlár reatha na dToghthóirí?

Is féidir a dhearbhú go bhfuil tú ar Chlár Toghthóirí Sheanad Éireann Ollscoil Átha Cliath trí dhul i dteagmháil le Deasc Seirbhíse na Clárlainne Acadúla trí ríomhphost a sheoladh chuig academic.registry@tcd.ie, trí ghlaoch ar an uimhir +353 (0)1 896 4500 nó i bpearsa. 

Nuair a théann tú i dteagmháil linn, bí cinnte go gcuirfidh tú an méid faisnéise ar fáil agus is féidir, lena n-áirítear:

  • Uimhir mic léinn (má tá sí ar fáil)
  • D’ainm iomlán (cuir an dara ainm/ainmneacha agus do shloinne roimh phósadh ar fáil más ábhartha)
  • Do dháta breithe
  • Cúrsa / Blianta inar freastalaíodh ar an ollscoil
  • Seoltaí faoina bhféadfá a bheith cláraithe roimhe seo.

Ní bhfuair mé mo bhallóid don toghchán deiridh – an féidir liom mo sheoladh ar an gclár reatha a nuashonrú?

Is féidir, féadann toghthóir, in am ar bith, a chinntiú go bhfuil a gcuid sonraí cothrom le dáta trí iarratas a chur isteach chuig an gClárlann Acadúil, bíodh sin trí ríomhphost a sheoladh chuig academic.registry@tcd.ie, trí ghlaoch ar an uimhir +353 (0)1 896 4500 nó i bpearsa.  Mura gcuirtear sinn ar an eolas maidir le hathrú ar sheoladh, seolfar páipéir vótála chuig an seoladh atá ar an taifead agus ní mór nuashonruithe ar an méid sin a bheith faighte i scríbhinn ag academic.registry@tcd.ie

Nuair a dhéanann tú teagmháil linn, bí cinnte go gcuirfidh tú an méid faisnéise ar fáil agus is féidir, lena n-áirítear:

  • Uimhir mic léinn (má tá sí ar fáil)
  • D’ainm iomlán (cuir an dara ainm/ainmneacha agus do shloinne roimh phósadh ar fáil más ábhartha)
  • Do dháta breithe
  • Cúrsa / Blianta inar freastalaíodh ar an ollscoil
  • Seoltaí faoina bhféadfá a bheith cláraithe roimhe seo.

Conas is féidir liom mo chuid sonraí teagmhála a nuashonrú nuair atá mé ar an gClár?

Féadann toghthóir, in am ar bith, a gcuid sonraí a nuashonrú trí iarratas a chur isteach chuig an gClárlann Acadúil, bíodh sin trí ríomhphost a sheoladh chuig academic.registry@tcd.ie, trí ghlaoch ar an uimhir +353 (0)1 896 4500 nó i bpearsa. Mura gcuirtear sinn ar an eolas maidir le hathrú ar sheoladh, seolfar páipéir vótála chuig an seoladh atá ar an taifead agus ní mór nuashonruithe ar an méid sin a bheith faighte i scríbhinn ag academic.registry@tcd.ie

Nuair a théann tú i dteagmháil linn, bí cinnte go gcuirfidh tú an méid faisnéise ar fáil agus is féidir, lena n-áirítear:

  • Uimhir mic léinn (má tá sí ar fáil)
  • D’ainm iomlán (cuir an dara ainm/ainmneacha agus do shloinne roimh phósadh ar fáil más ábhartha)
  • Do dháta breithe
  • Cúrsa / Blianta inar freastalaíodh ar an ollscoil
  • Seoltaí faoina bhféadfá a bheith cláraithe roimhe seo.

Cén fáth nach bhfuilim ar an gclár?

Ní ceart uathoibríoch é an ceart vóta a chaitheamh; ní mór é a éileamh. Éilítear ar chéimithe incháilithe foirm chláraithe/nuashonraithe a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais chuig an gClárlann Acadúil faoin 26 Feabhra in aon bhliain ar leith le bheith curtha san áireamh ar an gclár athbhreithnithe a fhoilsítear ar an 1 Meitheamh sa bhliain sin. Ní gá ach clárú uair amháin seachas sa chás, ar cheann de na cúiseanna a thugtar thíos, gur baineadh ainm den chlár.

Cathain a bhaintear ainmneacha den Chlár?

Baintear ainmneacha:

  • i ndiaidh iarraidh i scríbhinn a fháil ó chéimí a n-ainm a bhaint
  • i ndiaidh fógra a fháil maidir le bás céimí
  • Mar a fhoráiltear leis an Acht Toghcháin (Leasú) 2001: ‘after reasonable enquiry by the registration officer, whose address or the address to which the ballot paper is to be sent is unknown’. (Alt 56)

An mbeidh mé fós in ann vóta a chaitheamh má bhaintear m’ainm den Chlár?

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chun athchlárú agus beidh tú incháilithe chun vóta a chaitheamh ach d’ainm a bheith foilsithe ar Chlár na dToghthóirí atá in úsáid don toghchán ábhartha do Sheanad Éireann. Foilsítear Clár na dToghthóirí ar an 1 Meitheamh gach aon bhliain.

An féidir liom cóip de Chlár na dToghthóirí a cheannach?

Is féidir le duine ar bith iarratas a dhéanamh chun cóip de Chlár na dToghthóirí a cheannach chun críocha reachtúla amháin agus ar choinníoll go gcloítear le forálacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí agus na nAchtanna um Chosaint Sonraí (1988 go 2018). Is i leagan amach leictreonach amháin a chuirtear Clár na dToghthóirí ar fáil i ndiaidh foirm cheannacháin a chur isteach agus i ndiaidh íocaíocht iomlán a fháil.  Ríomhtar an costas bunaithe ar fhoirmle shocraithe de réir mar a leagtar amach sa reachtaíocht.  Is é €114.75 an costas atá le Clár na dToghthóirí 2024 ar féidir íoc as le cárta dochair nó cárta creidmheasa. 

Is féidir fiosrúchán faoi Chlár na dToghthóirí a cheannach a dhéanamh i bpearsa, ar an bhfón trí ghlaoch ar 00353 (0)1 896 4500, nó trí ríomhphost a sheoladh chuig academic.registry@tcd.ie.

Clár Sealadach Toghthóirí an tSeanaid 2024