Fáilte chuig An Eolaíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Is é atá cuimsithe i bhfocal gairid amháin, “Eolaíocht”, an speictream iomlán agus suim eolais an duine faoin domhan nádúrtha. Mar sin, cá dtosaíonn tú? Osclófar go leor doirse nua duit anseo i gColáiste na Tríonóide, mar sin, coinnigh d’intinn oscailte agus smaoinigh ar do chuid roghanna go léir! Tá an cúrsa céime san Eolaíocht i gColáiste na Tríonóide struchtúrtha chun eolas a thabhairt duit ar na heolaíochtaí bunúsacha sula ndéanfaidh tú cinneadh ar an ábhar ar mian leat speisialtóireacht a dhéanamh ann.  

 

Má tá tú ag lorg oiliúna den scoth san Eolaíocht leis an tsolúbthacht agus leis na roghanna is mó, ba cheart duit smaoineamh ar an Eolaíocht i gColáiste na Tríonóide.

 

Cuirtear Eolaíocht Fhochéime i gColáiste na Tríonóide ar fáil trí cheithre bhealach/chlár éagsúla as a dtagann céim onóracha tar éis ceithre bliana staidéir.

 

Tabharfaidh gach clár eolas mionsonraithe agus tuiscint chríochnúil do mhic léinn ar an modh eolaíoch chomh maith le tuiscint go n-athraíonn eolas eolaíoch agus go bhforbraíonn sé mar fhreagairt ar eolas nua a fháil. Foghlaimeoidh mic léinn scileanna eolaíochta agus iad ag forbairt scileanna cumarsáide agus tuiscint ar ról agus ar thionchar an eolais eolaíochta ar an tsochaí.