Gach seachtain, bíonn Ciorcal Comhrá ar siúl i gColáiste na Tríonóide eagraithe ag Oifig na Gaeilge. Bíonn fáilte roimh mhic léinn, baill foirne agus muintir an phobail páirt a ghlacadh ann. Is seans iontach atá ann an Ghaeilge labhartha a chleachtadh ar bhealach neamhfhoirmeálta agus réchúiseach.
Bhí áthas ar Linda an Ciorcal Comhrá a óstáil an tseachtain seo! Thug an grúpa turas timpeall ar Theach an Phropaist agus ansin bhailigh siad le chéile sa Salún don chiorcal comhrá ina dhiaidh.
Bhí sé suimiúil a chloisteáil conas gur thosaigh gach duine ag plé leis an nGaeilge i gColáiste na Tríonóide.
Ag labhairt faoin imeacht ar na meáin shóisialta, dúirt Linda:
“Tá mé an-sásta Ciorcal Comhrá seachtainiúil Oifig na Gaeilge a óstáil!
“Is iontach an rud é go bhfuil an oiread sin mac léinn agus ball foirne i gColáiste na Tríonóide ag plé i nGaeilge.”
Bíonn an Ciorcal Comhrá ar siúl gach Céadaoin ag 10.30am i mbialann na Butraí (The Buttery) agus tá roimh chách freastail air. Is féidir teagmháil a dhéanamh le gaeoloifig@tcd.ie le haghaigh tuilleadh eolais.
____________________________________________________________________________________
Each week, Trinity’s Irish Language Office hosts a Ciorcal Comhrá (Conversation Circle), which invites students, staff and members of the public to gather in The Buttery for a conversation in the Irish language. It is a great opportunity to practice spoken skills in a casual and relaxed way.
This week, Linda was delighted to host the Ciorcal Comhrá! The group took a tour of the Provost’s House, followed by the ciorcal comhrá in the Saloon.
It was interesting to hear how each person became engaged in the Irish language in Trinity.
Speaking about the event on social media, Linda said:
“Tá mé an-sásta Ciorcal Comhrá seachtainiúil Roinn na Gaeilge a óstáil!
“Is iontach an rud é go bhfuil an oiread sin mac léinn agus ball foirne i gColáiste na Tríonóide ag plé i nGaeilge.”
The weekly Ciorcal Comhrá takes place every Wednesday at 10:30am in The Buttery. Students, staff, and members of the public are welcome to attend. For more information, email gaeloifig@tcd.ie.