Scoil na Fisice
Mic Léinn Ionchasacha
Tairgeann Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath ceithre chúrsa céime éagsúla a bhfuil an Fhisic ina phríomhchuid díobh:
- An Eolaíocht, an Fhisic
- An Eolaíocht, an Fhisic agus an Réaltfhisic
- Fisic Theoiriciúil (arna comh-mhúineadh le Scoil na Matamaitice)
- An Naineolaíocht, an Fhisic agus Ceimic na nArdábhar (arna comh-mhúineadh le Scoil na Ceimice.
Is féidir tuilleadh eolais ar na cúrsaí sin a fháil ag:
https://www.tcd.ie/Physics/study
Cúrsaí Iarchéime
Timpeallacht éagsúil, bhríomhar agus fhuinniúil do do chuid staidéar iarchéime í Scoil na Fisice ag Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath. Mic léinn iarchéime éirimiúla agus dícheallacha, in éineacht le comhaltaí iardhochtúireachta fuinniúla, a chuireann treallús le gníomhaíocht taighde na scoile agus atá i gcroílár an phobail ann. Tá os cionn 100 mac léinn MSc/PhD sa Scoil faoi láthair, a thagann ó na cúig ilchríoch. Is í an Scoil Fisice is mó in Éirinn í.
Is féidir tuilleadh eolais ar staidéar iarchéime i Scoil na Fisice a fháil anseo:
www.tcd.ie/Physics/study/prospective/postgraduate
Taighde
Tá cáil sheanbhunaithe ar Scoil na Fisice go hidirnáisiúnta mar gheall ar thaighde nuálach ar Ábhair Fótónaice, Leictreacha agus Maighnéadacha, Naineolaíocht agus Fisic Ríomhaireachtúil, réimsí atá an-tábhachtach i ndáil le ceannaireacht sa Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide atá ina thosaíocht náisiúnta.
Is féidir taighde i Scoil na Fisice a roinnt i sé phríomhthéama, mar seo a leanas:
- An Réaltfhisic
- Maighnéadas agus Leictreonaic Guairne
- Nainbhithfhisic
- Fótónaic
- Nainleictreonaic agus Nainteicneolaíocht
- Fisic Soladstaide Theoiriciúil agus Ríomhaireachtúil
Is féidir tuilleadh eolais ar thaighde i Scoil na Fisice a fháil anseo:
https://www.tcd.ie/Physics/research/