Seacht gcéad bliain de stair na hÉireann le hathchruthú ag Coláiste na Tríonóide
Posted on: 08 February 2018
D’fhógair Coláiste na Tríonóide, inniu, an 8 Feabhra 2018, togra ceannródaíochta lena ndéanfar an foirgneamh ina mbíodh Oifig Taifid Phoiblí na hÉireann, agus an lón ábhair a bhíodh ar coimeád ann, a athchruthú mar a bhíodh an tráth ar scriosadh é nuair a chuaigh na Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath trí thine ag tús Chogadh na gCarad.
Nuair a loisceadh na Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath an 30 Meitheamh 1922, scuabadh de dhroim an tsaoil seacht gcéad bliain de thuairiscí staire agus ginealais de chuid na hÉireann a bhíodh ar coimeád in áras cartlainne breá sé stór ó ré Victoria ar a dtugtaí an Record Treasury. In aon tráthnóna amháin, scriosadh na céadta mílte taifead de chuid rialtas Shasana maidir le hÉirinn ón 13ú céad aniar—mar a bheidís imithe ó léargas go deo.
Chomh maith le tuairisc cháipéisíochta ar theacht chun cinn an stáit in Éirinn le himeacht na gcéadta bliain, taifid san áireamh maidir le híoc cánach, achtú dlíthe agus tús a chur le parlaimint na hÉireann, is beag gné den saol in Éirinn nach raibh faoi thrácht i mbailiúcháin na cartlainne, tuairiscí beireatais, pósta agus báis. Bhíodh uachtanna, mapaí, cláir na bparóistí agus taifid na mbailte móra ar fud an oileáin ann. Le himeacht na nglúnta ó shin, tá cailliúint na gcáipéisí tábhachtacha staire sin ina chonstaic roimh shaothrú na staire in Éirinn, ionas gur fágadh dall sinn ar léargas iomlán ar stair an teaghlaigh, ar an stair áitiúil agus ar an stair náisiúnta chomh maith leis an gceangal i gcúrsaí staire leis an mBreatain agus le tíortha eile an domhain.
Fágann cora nua sa teicneolaíocht, taighde nua staire agus saothar stuama staidéarach lucht cartlannaíochta nach bhfuil an chailliúint chomh huileghabhálach agus a síltí. Tá lucht staire agus lucht ríomhaireachta Choláiste na Tríonóide tar éis a chur in iúl inniu go bhfuil beartaithe acu Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann a athbhunú trí shamhail 3D den réaltacht fhíorúil a chruthú le leagan den fhoirgneamh a scriosadh ina mbeidh na seilfeanna lán le cáipéisí a tháinig slán agus le cóipeanna inchuardaithe de thaifid a cailleadh, arna dtabhairt chun suntais ag meitheal an togra i gcartlanna agus i leabharlanna éagsúla ar fud an domhain. Fágfaidh an tionscadal seo go mbeidh teacht ag daoine ar fud an domhain ar na milliúin fíricí staire agus ginealais a bhí imithe amú. Trína ligean do lucht taighde staire dul siar ceithre chéad bliain níos luaithe ná mar is féidir leis an gcuid is mó de na hacmhainní ginealais atá ar fáil faoi láthair, tá i ndán go gcuirfear claochlú ar an mbonn fianaise a bhíonn le stair na hÉireann faoi mar a scríobhtar í mar gheall ar Thaisce Taifead Fhíorúil na hÉireann.
Seoladh an tionscadal, ‘Ó 2022 amach: Taisce Taifead Fhíorúil na hÉireann’, ag ócáid in Institiúid Taighde Ealaíon agus Daonnachtaí Mhol an tSeomra Fada i gColáiste na Tríonóide inniu. Scoil na Staire agus na nDaonnachtaí agus Lárionad ADAPT maidir le Teicneolaíocht an Ábhair Dhigitigh i Scoil na hEolaíochta Ríomhaireachta agus Staitisticí a bheidh i mbun na ceannródaíochta ar an tionscadal a chuirfear i gcrích i gcomhar le páirtnéirí cartlannaíochta Choláiste na Tríonóide: An Chartlann Náisiúnta, The National Archives (sa Ríocht Aontaithe), Oifig Thaifid Phoiblí Thuaisceart Éireann agus Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann. Tá cistí don togra á gcur ar fáil ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn.
Cuirfear toradh deiridh an tionscadail ar fáil sa bhliain 2022, céad bliain tar éis tine na gCeithre Cúirteanna. Seoladh láithreán gréasáin an tionscadail inniu agus is féidir léargas ar scóip an tionscadail agus ar an gcineál teicneolaíochta atá i gceist a fháil ar www.beyond2022.ie. Le leagan beochana den tsamhail 3D atá á chur le chéile, is féidir leis an bpobal tuiscint a fháil ar an áras breá cartlainne ó ré Victoria faoi mar a bhí sé díreach roimh thráth a scriosta. Déanfar forfheabhsú ar an láithreán gréasáin i mí na Nollag 2018 nuair a chuirfear catalóg iomlán den taisce taifead ar fáil don phobal den chéad uair ón mbliain 1922 i leith. Ag an ócáid seolta inniu, léiríodh taispeántas réaltachta fíorúla lenar fhéad daoine tumadh tríthoiseach a dhéanamh le spéaclaí VR faoi mar ab é an t-áras a scriosadh a bhí á thaithí acu.
Ar an obair a thabhairt chun críche, beidh turas fíorúil uileghabhálach ar an Oifig Taifead Poiblí, a mbeidh deasú digiteach tugtha uirthi, le tapú ag lucht úsáide Thaisce Taifead Fhíorúil na hÉireann. Beifear in ann dul isteach i leagan athcheaptha 3D sa réaltacht fhíorúil den áras a scriosadh agus cáipéis staire a iarraidh sa Seomra Léitheoireachta álainn ó ré Victoria. Beifear in ann dul isteach thairis sin go dtí an Taisce Taifead féin mar a mbíodh na taifid ar coimeád agus bogadh thart ar fud an 100,000 troigh cearnach de sheilfeanna clárlainne go dtí an spota díreach ina mbíodh an taifead i dtaisce tráth agus teacht ar aon bhlúire a mhaireann nó ar mhacasamhla ionadaíochta i bhfoirm dhigiteach. Beidh an taifead ar sheilf na taisce ina fhód preabtha go dtí taifid ionadaíochta atá i dtaisce i leabharlanna agus i gcartlanna éagsúla ar fud na cruinne.
Le bleachtaireacht mhion staire, tá meitheal an tionscadail ag féachaint leis an eolas a bhíodh sa chartlann an tráth ar scriosadh í a chur le chéile arís trí ábhar a tháinig slán nó ábhar ionadaíochta atá i dtaisce i gcartlanna agus i leabharlanna ar fud an domhain a thabhairt chun suntais agus a cheapadh i bhfoirm dhigiteach. Áirítear ar an ábhar, taifid a tháinig slán ón tine, taifid a ndearnadh dochar dóibh ach nár scriosadh go hiomlán, macasamhla bhuntaifid atá i dtaisce i gcartlanna páirtnéireachta faoin tráth seo, chomh maith le híomhánna facsamhla, trascríbhinní seanda agus cuntais achoimre a breacadh roimh an mbliain 1922.
Luaigh an Dr Peter Crooks, Príomh-imscrúdaitheoir an Tionscadail agus Ollamh Cúnta i Scoil na Staire agus na nDaonnachtaí, maidir leis an toradh a d’fhéadfadh a theacht ar an obair: “Ar cheann de na gnéithe is airde aidhm maidir leis an obair seo, tá ‘Sruthanna Órga’ d’fhoinsí ionadaíochta a aimsiú. Tá bailiúcháin ionadaíochta cartlannaíochta i dtaisce i leabharlanna agus i gcartlanna ar fud an domhain a mbeidh suntas mór leo maidir le sraitheanna iomlána de na taifid a scriosadh sa bhliain 1922 a chur ar ais le chéile. Trí na taifid sin a thiomsú in athuair, taifid a bhfuil na milliúin d’fhíricí staire agus ginealais i gceist leo, tá i ndán go gcuirfear claochlú ar an mbonn fianaise a bhíonn faoi stair na hÉireann a ríomh. Mar gheall go dtéann na bailiúcháin cartlainne siar go dtí ré chomh luath sin sa stair, ligfidh an dícheall atiomsúcháin seo do dhaoine ar spéis leo taighde a dhéanamh faoin teaghlach nó faoin gceantar dul i mbun taighde dhomhain staire, siar beagnach leathmhíle bliain níos luaithe ná na hacmhainní ginealais is furasta a bhfuil teacht orthu faoi láthair.”
Thagair an Dr Séamus Lawless, Ollamh Cúnta, Lárionad ADAPT agus Scoil na hEolaíochta Ríomhaireachta de ghnéithe eolaíochta agus teicneolaíochta an tionscadail: “Tionscadal é seo a bhaineann go smior leis na daonnachtaí digiteacha agus tá taighde ceannródaíochta i gceist i réimse na ríomhaireachta agus i réimse na staire araon. Ligeann athchruthú ar leagan uileghabhálach den chartlann dúinn cumasc idir an ghné fhisiceach agus an ghné dhigiteach a thabhairt chun cinn agus scrúdú a dhéanamh ar an dóigh ina ndéanann daoine eolas a chuardach le linn dóibh an chartlann a úsáid. Beidh bealaí á n-aimsiú chomh maith a ligfidh do dhaoine cuardach uilechuimsitheach a dhéanamh taobh istigh den chartlann fhíorúil agus i gcartlanna ar fud an domhain ina bhfuil ábhar gaolmhar nó ábhar ionadaíochta i dtaisce. Tá i ndán go mbeidh tionchar suntasach ag Ó 2022 Amach ar an gcaoi a ndéanann daoine eolas a chuardach, ar an gcaoi a dtéann an t-eolas i gcion orthu agus ar an gcaoi ina dtapaítear eolas nuair atá an réaltacht fhíorúil á taithí acu.”
A mbeidh i dTaisce Taifead Fhíorúil na hÉireann:
- Athleagan sa réaltacht fhíorúil d’Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann a scriosadh sa bhliain 1922.Beidh an mhacasamhail seo á ceapadh ar na bunphleananna ailtireachta agus ar fhianaise ghrianghrafadóireachta agus tabharfar san áireamh scála agus méid na cartlainne breá sé stór ar airde a tógadh i stíl ré Victoria leis an stuara iomráiteach fuinneoga a bhí 30 troithe ar airde, an tsíleáil fhairsing gloine agus an obair iarainn mhínsaothraithe. Cuirfear ar chumas an lucht úsáide dul isteach sa chartlann, brabhsáil a dhéanamh ar na seilfeanna fíorúla agus nasc a cheangal le taifid ionadaíochta nó le taifid a tháinig slán agus atá i dtaisce i gcartlann nó i leabharlann in áiteanna éagsúla ar fud an domhain.
- Fardal iomlán maidir lenar tháinig slán agus lenar scriosadh i dtine na bliana 1922, chomh maith le leaganacha digiteacha dar tháinig slán agus d’fhoinsí ionadaíochta.Beifear in ann cuardach a dhéanamh ar fud na cartlainne ar fad ina mbeidh ábhar de chineál an bhunchuntais chomh maith le taifid athchóirithe ón tríú aois déag anall go dtí an naoú céad déag.
- Fágfaidh ‘Sruthanna Órga’ d’fhianaise go mbeidh athleagan cuimsitheach ar shraitheanna iomlána de na taifid a scriosadh ar fáil a bheidh bunaithe ar bhailiúcháin áirithe atá i dtaisce i gcartlanna an chomhair ina bhfuil cuimse faoi leith d’ábhar ionadaíochta.Sampla de ‘Shruth Órga’ a sonraíodh mar gheall ar an togra seo is ea taifid Státchiste na hÉireann i ré na Meánaoise a bhfuil na mílte agus na mílte acu ar fáil i mBaile Átha Cliath (i bhfoirm trascríbhinní a rinneadh i rith an naoú céad déag) agus i Londain (i bhfoirm bunchóipeanna de na taifid a seoladh anonn go Sasana maidir le hiniúchóireacht a dhéanfadh Ríocht Shasana).Tá léargas grinn gléigeal le fáil ó na taifid státchiste sin ar chúrsaí polaitíochta, cogaíochta, taidhleoireachta, trádála agus úinéireacht talún i ndeireadh ré na Meánaoiseanna. Sampla eile de ‘Shruth Órga’ a tugadh chun suntais mar gheall ar an togra is ea 22,500 trascríbhinn ar orduithe rialtais ó ré Chromail. Measadh le céad bliain anuas nach raibh tuairisc feasta ar na taifid seo de chuid na seachtú aoise déag ach is féidir iad a athchnuasach mar gheall ar chomhardhícheall ollmhór idir forais éagsúla in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Labhair John McDonough, Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta, faoin suntas a bhaineann leis an gcomhar idirnáisiúnta cartlannaíochta a rinneadh a chónascadh le haghaidh an tionscadail seo: “Is díol suntais an comhar atá á dhéanamh idir Coláiste na Tríonóide agus na páirtnéirí cartlannaíochta — An Chartlann Náisiúnta (Baile Átha Cliath), The National Archives (an Ríocht Aontaithe), Oifig Thaifid Phoiblí Thuaisceart Éireann agus Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann. Léiríonn sin samhlaíocht agus comhoibriú i mbun sprioc a bheadh againn ar fad i bpáirt a thabhairt i gcrích, eadhon, athchruthú fíorúil a dhéanamh faoin mbliain 2022 ar a mbíodh i dtaisce in Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann. Mar chuid de thionscadal gaolmhar a bhfuil maoiniú á dhéanamh air ag Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann, tá an Chartlann Náisiúnta i mbun obair mheasúnachta faoi láthair i ndáil le caomhnú a dhéanamh ar suas le 300 bosca taifead a tháinig slán ó thine na bliana 1922 cé gur tharla damáiste dóibh. Tar éis taifid a roghnú agus a chaomhnú, táthar ag tnúth leis an uair a mbeidh réimsí de na taifid sin ar chóir sábhála agus iad á gcur ar fáil den chéad uair do lucht taighde agus don phobal i gcoitinne.”
Nótaí don Eagarthóir:
Maidir le hOifig Thaifid Phoiblí na hÉireann (1867–1922):
Bunaíodh Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann (PROI) sa bhliain 1867 faoin Public Records (Ireland) Act 1867, d’fhonn taifid rialtas Shasana in Éirinn a thabhairt le chéile faoi scáth aon taisce mhór nua-aimseartha amháin. An tráth ar tharla a scrios, bhí taifid i mbailiúchán na hOifige ón tríú aois déag anuas go dtí deireadh an naoú céad déag. Bhíodh taifid phoiblí na hÉireann ar coimeád in áiteanna éagsúla agus ag eagraíochtaí éagsúla anuas go dtí gur bunaíodh an PROI.
E.T. Owen agus R.J. Stirling in Oifig na nOibreacha Poiblí a rinne an obair dearthóireachta ar an Oifig a tógadh idir na blianta 1864 agus 1867. Bhí dhá fhoirgneamh a rinneadh as eibhear saoirsithe i gceist leis an Oifig: Áras na dTaifead agus taisce sé stór ar airde ar a dtugtaí an Record Treasury i mBéarla. Ba é an t-áras sé stór a scriosadh sa tine. Tá Áras na dTaifead in úsáid go fóill mar theach cúirte.
De réir an leagan amach, fágadh bearna deich dtroithe idir an dá áras, gan de cheangal eatarthu ach cosán faoi dhíon a raibh doras iarainn ar an dá cheann de. Bhí sin amhlaidh le fonn aon tine a tharlódh in Áras na dTaifead a stopadh ó scaipeadh go dtí Taisce na dTaifead. Is íoróineach an cás, sa bhliain 1922, gur oibrigh mar a bhí leagtha amach, más ar a mhalairt de chaoi é, nuair nár scaip an tine go dtí Áras na dTaifead. Bhí taifid seacht gcéad bliain ón tríú céad déag go dtí an naoú céad déag i dtaisce san PROI ina measc, taifid cúirte, taifid cánach, taifid ar úinéireacht talún, cóipeanna d’uachtanna, taifid an daonáirimh siar go dtí an bhliain 1841, taifid pharlaimint na hÉireann roimh an mbliain 1800, taifid Oifig an Phríomh-Rúnaí — an t-oifigeach riaracháin ba shinsearaí in Éirinn.
Ghabh lucht an Éirí Amach Oifig na dTaifead ar feadh ceithre lá sa bhliain 1916 nuair a bhí na Ceithre Cúirteanna faoina smacht ach níor tharla scrios níos mó ná aon cháipéis amháin. I mí Aibreáin 1922, ghabh fórsaí a bhí in aghaidh an Chonartha fearann na gCeithre Cúirteanna. Tar éis roinnt seachtainí den teannas agus den leathsháinn, thosaigh an tArm Náisiúnta ar thuairgneáil an 28 Meitheamh. Tharla pléasc mhór tráthnóna an 30 Meitheamh 1922 ar fhearann na gCeithre Cúirteanna agus chuaigh an Taisce Taifead ar fad trí thine. Bhí deatach ag éirí ó na ballaí tite ar feadh uaireanta a chloig agus tugadh blúiríní de thaifid dhóite le gaoth ar fud na cathrach. Is beag toradh a tháinig ar an impí a rinneadh ina dhiaidh sin ar dhaoine aon ábhar ar thángthas air a shíneadh ar ais isteach.