Ról Dearmadta Lucht Imirce an Tuaiscirt i Réabhlóid na hÉireann á phlé ag Comhdháil i gColáiste na Tríonóide
Posted on: 22 June 2015
Déanfar imirce na mílte náisiúnach as Tuaisceart Éireann go dtí Saorstát nuabhunaithe na hÉireann tar éis chríochdheighilt na hÉireann sa bhliain 1921 a phlé ag comhdháil thábhachtach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Dé Sathairn, an 20 Meitheamh 2015, chomh maith leis an tionchar dearmadta a bhí acu ar réabhlóid na hÉireann.
Tá an dream gníomhach sin, a d'fhág an tuaisceart sular síníodh an Conradh Angla-Éireannach, nó an tráth ar síníodh an Conradh, chun tosú as an nua sa Stát nua, ligthe i ndearmad cuid mhór seachas daoine eile den ghlún daoine arb iad a mhúnlaigh réabhlóid na hÉireann. Bhí roinnt den lucht imirce a tháinig aduaidh dá rogha féin; bhí cuid mhór eile, fir agus mná, arbh éigean dóibh imeacht mar gheall go raibh an tóir orthu agus iad i mbaol a ngabhála agus a gciaptha go seasta síoraí dá bhfanaidís sa stát nua ó thuaidh.
Ní mór dul i ngleic sa lá atá inniu ann leis an bparadacsa suntasach go mbíonn cuid mhór de na daoine is tábhachtaí a mhúscail an náisiúnachas poblachtánach in Éirinn i dtús an 20ú céad agus gurbh as Cúige Uladh iad, fágtha ar lár nuair a bhíonn pearsana mórshuntais 1916 á bplé, faoi mar a mhíníonn an tOllamh Eunan O’Halpin, Ollamh le Stair Chomhaimseartha na hÉireann agus comheagraí na comhdhála in éineacht leis an Dr Marnie Hay, Coláiste Phádraig, Droim Conrach/DCU.
Bhí tionchar suntasach ag na náisiúnaithe óga fuinniúla sin a theacht go dtí an Saorstát ar chúrsaí cultúir agus polaitíochta. I gcás na náisiúnaithe eile a fágadh mar mhionlach i dTuaisceart Éireann, ba é toradh a bhí ar imeacht an dreama seo, arbh iad a bhí ina gceannródaithe i gcúrsaí polaitíochta agus cultúir, gur tharla stad marbhántachta i gcúrsaí polaitíochta.
“Is tráthúil anois an tionchar sin a mheas in athuair a bhí ag pearsana polaitíochta ón Tuaisceart de leithéid Eoin Mhic Néill, arbh é an t-alt “The North Began” a d'fhoilsigh sé sa Chlaidheamh Soluis sa bhliain 1913 ba shiocair le hÓglaigh na hÉireann a chur ar bun, chomh maith le Seán Mac an tSaoi, Pádraig Mac Giollagáin, Proinsias Mac Aodhagáin agus Caoimhín Ó Siadhail. Ní mór chomh maith, athscrúdú a dhéanamh ar an tionchar a d'imir fir agus mná eile as Cúige Uladh, mar shampla Bulmer Hobson, an Ginearál Dan McKenna, Mabel FitzGerald agus Seán Lester a tháinig aduaidh agus a rinne cion mór tairbhe sa tseirbhís phoiblí, i gcúrsaí gnó, i mbun gairme, sa Gharda Síochána, sna fórsaí cosanta nó i saol an teaghlaigh.”
Tá an chomhdháil, dar teideal The North Began? Ulster and the Irish Revolution, 1900-25, á heagrú ag Scoileanna na Staire agus na nDaonnachtaí i gColáiste na Tríonóide agus i gColáiste Phádraig, Droim Conrach agus is cuid í den chlár náisiúnta comórtha ar Dheich mBliana na gCuimhneachán. Tá an siompóisiam dírithe ar an ngnáthphobal. Beidh meascán á chur i láthair de phlé an lucht léinn, de chuimhne pearsanta shliocht na dTuaisceartach a rinne imirce go dtí an stát nua ó dheas agus eadarlúidí cultúrtha, ina measc cór agus léitheoireacht filíochta.
Ar na hábhair a mbeidh cíoradh á dhéanamh orthu ag an gcomhdháil, tá Bulmer Hobson agus Poblachtachas an Tuaiscirt, Amharclann Liteartha Uladh agus mar a chuaigh an chríochdheighilt i gcionn ar an státseirbhís agus ar ghairm an dlí. Beifear ag díriú chomh maith ar fhoinsí nua den tábhacht maidir le staidéar a dhéanamh ar shaol na dtuaisceartach: Biúró na Staire Míleata, leabhair nótaí Earnáin Uí Mháille, Bailiúchán Pinsean na Seirbhíse Míleata, agus na hagallaimh le O’Kane agus Marron. Cuirfear i láthair an tsiompóisiam chomh maith tuairiscí ón lucht éisteachta faoin tionchar pearsanta a bhí ag an imirce éigeantach seo ar theaghlaigh agus ar chomharsanachtaí.
“Agus sinn ag teannadh le cothrom chéad bliain Éirí Amach 1916, is tráthúil an deis a bheith againn ar tharla do phoblachtaigh ón Tuaisceart a chaith a saol san Éirinn nua tar éis na bliana 1921, agus an tionchar a bhí acu, a mheas in athuair. Is é toradh a bhí ar an bpáirt shuntasach a bhí acu i saol polaitíochta, eacnamaíochta agus cultúir na hÉireann go bhfuil dearmad déanta cuid mhór ar na cúinsí géara a bhain lena n-imeacht ón Tuaisceart," arsa an tOllamh O'Halpin.
Tá an clár iomlán agus sonraí clárúcháin ar fáil ar: http://www.tcd.ie/history/thenorthbegan/