Léiriú ardghléine ag lucht eolaíochta ar ábhar géinitice na hÉireann / Breataine
Posted on: 27 February 2018
Tá íomhá mín de shinsir na hÉireann agus na Breataine, faoi mar is léir ón lorg géinitice a d’fhág imirce isteach ar na hoileáin agus ar a bhfud, foilsithe ag dream eolaithe as Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is léir lorg géanómaíochta na Lochlannach, gluaiseacht dhreamanna idir Albain agus Cúige Uladh, agus an tábhacht a bhí le cúrsaí tíreolaíochta agus ama ar thorthaí a gcuid saothair.
Trí mhapáil a dhéanamh ar chosúlachtaí agus ar éagsúlachtaí idir beagnach 1,000 duine in Éirinn agus níos mó ná 6,000 as an mBreatain agus mór-roinn na hEorpa, shonraigh an lucht taighde 50 braisle géinitice faoi leith in Éirinn agus sa Bhreatain, dreamanna daoine a bhfuil cosúlacht acu lena chéile ó thaobh sinsearachta. Tá ceangal dlúth idir scaipeadh na mbraislí géinitice seo le cúrsaí tíreolaíochta ar na hoileáin agus leis an tionchar codarsnachta a bhí ag imirce i rith stair na n-oileán.
An Dr Russell McLaughlin, Ollamh Cúnta Ussher le hAnailís Géanóim i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a stiúir an obair thaighde i gcomhar le hAonad Acadúil na Néareolaíochta i gColáiste na Tríonóide, an Wellcome Trust Sanger Institute in Ollscoil Cambridge, agus University College London. Dúirt seisean: “Is mian linn tuiscint a fháil ar an tionchar a bhíonn ag géinte ar an mbaol go dtiocfadh bail áirithe easláinte chun cinn ach is féidir le mionéagsúlachtaí ó thaobh sinsearachta a bheith ina n-údar doiléire maidir le sonraí a mheas go beacht. Cuidíonn tuiscint níos grinne ar éagsúlachtaí ó thaobh sinsearachta linn díriú isteach níos mine ghéire ar na géinte is cúis le galair.”
“Tá na braislí géinitice a fheictear in Éirinn ag teacht go maith leis na háiteanna ina bhfuil cónaí ar dhaoine agus is féidir gnéithe áirithe de stair na hÉireann a ríomh leis na sonraí géinitice ar bhealach atá go mór i gcomhréir lena ríomhtar ó shonraí staire agus seandálaíochta.”
Deir na húdair go bhfuil ionsaí na Lochlannach ar na gnéithe sin a d’fhág lorg géinitice ar mhuintir na hÉireann anuas go dtí an lá atá inniu ann.
Is é Ross Byrne, mac léinn dochtúireachta in Institiúid Géineolaíochta Smurfit i gColáiste na Tríonóide príomhúdar an tsaothair. Deir seisean “Is beag comhartha ar Ré na Lochlannach a bhí fágtha ar DNA mhuintir na hÉireann de réir mar a tugadh faoi deara le hobair taighde a rinneadh roimhe seo a bhí bunaithe ar DNA Y-chrómasóim. Bhí níos lú ná 1% den bhuneolas géinitice atá ar fáil anois in úsáid le cuid den saothar luath sin, bhíothas ag díriú ar chomharthaí ar le sliocht na bhfireannach amháin a ritheann siad, agus ní móide iomlán an scéil le léamh ar an méid sin. Ar an gcuid eile den bhuneolas géinitice a scrúdú dúinn, is féidir lorg na Lochlannach, más beag féin é, a shonrú in Éirinn go fóill.”
Rinne na húdair scrúdú ar ábhar géinitice na hÉireann i gcomhthéacs ghéinitic na Breataine chomh maith agus tugadh comharthaí breise ar imirce ó oileán go chéile chun suntais, ina measc buantoradh géinitice ar an bPlandáil agus dlúthcheangal cianseasta idir muintir Chúige Uladh agus muintir na hAlban. Ar shonraí na hÉireann agus na Breataine a chur i láthair le chéile dóibh, thug na húdair faoi deara cosúlacht shoiléir idir pátrúin maidir le gnéithe géinitice agus gnéithe den tíreolaíocht ar an dá oileán.
Dúirt an Dr McLaughlin: “Le sonraí géinitice amháin, faightear malairt léargais ar mhapa na Breataine agus na hÉireann.”
Táthar díreach tar éis an saothar seo a fhoilsiú san iris ghradamúil PLOS Genetics.