Gradam na dTaispeántas Iontrála bronnta ar Mhic Léinn ó 30 contae in Éirinn
Posted on: 16 December 2019
Bronnadh Gradaim na dTaispeántas Iontrála speisialta ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar mhic léinn ó nach mór gach aon chontae in Éirinn chomh maith le 24 tír ar fud an domhain i mbliana.
Tugtar aitheantas leis na gradaim seo don méid atá bainte amach go hacadúil ag iontrálaithe fochéime nua na hollscoile. Bronntar iad ar mhic léinn a bhfuil glactha acu le háit sa chéad bhliain ar chlár bunchéime lánaimseartha agus ar éirigh leo an líon is mó pointí a bhaint amach ina scoil i measc iontrálaithe Choláiste na Tríonóide.
Bronnadh gradaim ardghnóthachtála ar 452 mac léinn ó 379 scoil i 30 contae agus ar 24 mac léinn idirnáisiúnta as 500 pointe nó níos mó a bhaint amach san Ardteistiméireacht (nó i scrúdú deiridh comhionann).
Cosúil le blianta roimhe seo, feictear go bhfuil an gradam á bhronnadh ar mhic léinn ó éagsúlacht mhór de scoileanna.
Le linn dó comhghairdeas a dhéanamh leis na mic léinn as a ngnóthachtáil, dúirt an Propast, an Dr Patrick Prendergast: “Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh mhic léinn ó nach mór gach contae in Éirinn agus ó 24 tír ar fud an domhain chuig searmanas Ghradaim na dTaispeántas Iontrála. Táimid tiomanta do phobal mac léinn níos éagsúla a spreagadh agus tá Gradam na dTaispeántas Iontrála athbhreithnithe mar chuid den mhisean sin. Tá mic léinn ó 379 scoil dara leibhéal, a dtuismitheoirí, chomh maith le príomhoidí na scoileanna sin linn i gColáiste na Tríonóide inniu chun an gaisce atá déanta acu a cheiliúradh.”
Tá méadú 54% tagtha ar líon na scoileanna dara leibhéal ó ar fud oileán na hÉireann a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu (ó 245 scoil in 2017 go 379 scoil in 2019). Dalta amháin as an gcuid is mó de na scoileanna a ndéantar gradam a bhronnadh air de ghnáth agus ciallaíonn sin go bhfuil éagsúlacht na mac léinn agus na scoileanna níos mó.
Chiallaigh athruithe a rinneadh ar scéim na ngradam in 2018 go raibh aon dalta a fuair na pointí is airde i measc iontrálaithe óna meánscoil chuig Coláiste na Tríonóide agus a bhain 500 pointe ar a laghad amach (nó i scrúdú coibhéiseach dara leibhéal) incháilithe do Ghradam na dTaispeántas Iontrála. Áirítear pointí bónais do mhatamaitic ansin.
Roimhe seo, bronnadh Gradam na dTaispeántas Iontrála ar aon mhac léinn a fuair 560 pointe nó os a chionn (gan pointí bónais a bheith san áireamh), rud a chiallaigh go bhféadfadh suas le 20 mac léinn ó aon scoil amháin a bheith i gceist.
Bronnadh Gradam na dTaispeántas Iontrála ar 247 mac léinn ó Chúige Laighean; 48 mac léinn ó Chúige Chonnacht; 82 mac léinn ó Chúige Mumhan, 51 mac léinn ó Chúige Uladh agus ar 24 mac léinn idirnáisiúnta.
I measc líon iomlán na ndámhachtaithe, tá 188 mac léinn i mbun staidéir ar Innealtóireacht, Matamaitic agus Eolaíocht; 117 mac léinn ag déanamh staidéir ar na hEolaíochtaí Sláinte agus tá 147 mac léinn ag tabhairt faoi na hEalaíona, Daonnachtaí agus Eolaíochtaí Sóisialta. Go foriomlán, is mná iad 51% agus is fir iad 49% den 452 mhac léinn a bhain amach gradam.
Bronnfar teastas agus éarlais leabhair €150 do Hodges Figgis ar dhámhachtaithe an ghradaim.