Treoraigh do Thodhchaí
Posted on: 22 January 2025
Tionscnamh nua do dhaoine óga chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi le nuálaíochtaí comhshaoil a spreagadh tríd an nGaeilge agus traidisiúin a bhaineann léi.
Tá clár nua oideachais don aos óg seolta ag Academy of the Near Future san Ionad CONNECT (Coláiste na Tríonóide) i gcomhpháirtíocht le foireann an chláir Gaelbhratach, Gael Linn.
Is ceardlanna praiticiúla a bheidh i gceist sa tógra seachtaine seo lena dtabharfar aghaidh ar dhúshláin chomhshaoil agus lena bhfiosrófar an tslí gur féidir leis an nGaeilge agus le traidisiúin na Gaeilge a bheith mar ábhar inspioráide le haghaidh réitigh chruthaitheacha, inbhuanaithe agus teicneolaíochta don todhchaí.
Tá lucht an tionscnaimh – a bhfuil ‘Treoraigh do Thodhchaí’ air – ag lorg iarratais ó dhaoine óga idir 15-17 mbliana d’aois don chlár seachtaine. Spreagfar scoláirí chun machnamh a dhéanamh ar ról na Gaeilge ina saol féin agus ar an tábhacht a bhaineann léi a fhiosrú i gcomhthéacs níos leithne na hinbhuanaitheachta comhshaoil.
Reachtálfar an tógra i Stiúideo Cuan, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, ón Luan, an 31 Márta go dtí an Aoine, an 4 Aibreán 2025. Is é seo an chéad leagan trí mheán na Gaeilge den chlár Design Your Future City, atá á reachtáil ag Academy of the Near Future gach bliain i mBaile Átha Cliath ón mbliain 2022 i leith.
Ag trácht ar an seoladh, is éard a dúirt An Dr. Mairéad Hurley, Ollamh Cúnta le hOideachas na hEolaíochta sa tSochaí, Scoil an Oideachais, Coláiste na Tríonóide: “Tá muid ar bís le bheith ag cur lenár gcur chuige nuálaíoch i leith na hinbhuanaitheachta agus an oideachais saoránachta a bhíonn faoi stiúir an aosa óig trí é a chur ar fáil i nGaeilge den chéad uair. Leis an togra seo, déantar ceiliúradh ar an gcruthaitheacht agus ar an acmhainn thrasdisciplíneach a bhaineann leis an nGaeilge d’oideachas saoránachta domhanda.
“Leis an gclár seo, tugtar deis iontach do dhaltaí muinín, comhoibriú agus scileanna réitithe fadhbanna a chothú, agus ról na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh i múnlú inbhuanaithe amach anseo a fhiosrú. Bainfear leas freisin as saineolas an chláir Critical Change Lab de chuid Scoil Oideachais Choláiste na Tríonóide, tionscadal de chuid an Aontais Eorpaigh faoina scrúdaítear cineálacha cur chuige cruthaitheacha oideachais chun saoránacht ghníomhach agus gníomhaíochas óige a chur chun cinn.”
Ag labhairt di faoin tionscnamh freisin, dúirt Edel Ní Bhraonáin, Bainisteoir Gaelbhratach, Gael Linn: “Tá ríméad ar Gael Linn le bheith ag comhoibriú ar an tionscnamh ‘Treoraigh do Thodhchaí’, ag cruthú deiseanna do dhaoine óga chun todhchaí níos gile a shamhlú. Tríd an scéim Gaelbhratach chímid an chruthaitheacht agus an paisean atá ag daoine óga nuair a thugtar deis dóibh a dtodhchaí féin a threorú agus a mhúnlú. Is deis iontach é an tionscadal seo chun guth an dalta a mhéadú agus a gcuid smaointe nuálacha a chomhcheangal le cumhacht ár dteanga agus ár gcultúir chun todhchaí níos gile agus níos inbhuanaithe a chruthú.”
Tacaíocht ón Roinn Oideachais
Tá an clár á reáchtáil le tacaíocht ón gCiste um Oideachas le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe go 2030, ciste de chuid na Roinne Oideachais.
Ag trácht ar an tionscnamh, dúirt an tAire Oideachais, Norma Foley TD: “Tá lúcháir orm a fheiceáil go bhfuil ‘Treoraigh do Thodhchaí’ oscailte d’iarratais, le tacaíocht ón gCiste um Oideachas le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe go 2030. Tá áthas ar leith orm é a fheiceáil á reachtáil den chéad uair i bpobal na Gaeltachta i nGaillimh, le pleananna chun é a leathnú chuig pobal na Gaeltachta i gCiarraí sna míonna amach romhainn. Spreagfaidh seo daltaí le bheith páirteach san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic agus a bheith ar bís faoin ról atá acu chun dul i ngleic le saincheisteanna aeráide ina bpobal, agus úsáid á baint acu as an teicneolaíocht.”
Buaicphointí ón gclár
I gcaitheamh na seachtaine, beidh deis ag na mic léinn a roghnófar:
- Freastal ar cheardlanna idirghníomhacha ina gcomhtháthófar gnéithe na Gaeilge agus an chultúir le hinbhuanaitheacht agus le teicneolaíocht
- Comhoibriú le saineolaithe i nGaeilge chun tuiscint níos doimhne a fhorbairt ar theanga agus ar thraidisiúin na Gaeilge
- Triail a bhaint as eolaíocht saoránach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhshaoil a bhíonn roimh chathracha nua-aimseartha, trí lionsa an chultúir Ghaelaigh
- Bualadh le saineolaithe ETIM, dearaidh agus nuálaíochta a thabharfaidh treoir do dhaltaí a gcuid smaointe a thabhairt chun fíre le fócas inbhuanaitheachta
Sonraí Iarratais
Tá an clár oscailte do daltaí idir 15-17 mbliana d’aois. Ní mór d’iarratasóirí gealltanas a thabhairt go bhfreastalóidh siad ar gach seisiún den chúrsa seachtaine. Reáchtálfar na ceardlanna i nGaeilge, agus is é an príomhriachtanas ná díograis don teicneolaíocht, inbhuanaitheacht agus cultúr na hÉireann. Ní bheidh ach spás do 20 dalta ar an gclár, mar sin moltar do dhaltaí a bhfuil spéis acu iarratas a dhéanamh a luaithe agus is féidir ionas nach gcaillfidh siad amach ar an deis iontach seo. Ní gá don dalta a bheith ag freastal ar scoil Gaeltachta nó scoil lán-Ghaeilge.
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór d’iarratasóirí cúpla ceist ghearr a fhreagairt fúthu féin, cur síos a dhéanamh ar dhúshlán comhshaoil ina gceantar, agus réiteach atá bunaithe ar an teicneolaíocht a mholadh. Is é an dáta deireanach a nglacfar le hiarratais ná 5pm Dé Luain, an 24 Feabhra 2025.
Déan iarratas anseo https://form.typeform.com/to/CfZiKsqL
Nasc: https://nearfuture.ie/programmes/treoraigh-do-thodchai/treoraigh-do-thodchai-2/about-the-programme