Iarrtar ar an bpobal cúnamh a thabhairt chun seanchomharthaí sráide Bhaile Átha Cliath a thaifeadadh
Posted on: 31 March 2025
Tá dream taighde i gColáiste na Tríonóide ag iarraidh ar an bpobal cuidiú le tuairisc a choinneáil de sheanchomharthaí sráide Bhaile Átha Cliath, na comharthaí ar a mbíodh an Cló Gaelach in úsáid, a bhfuil a líon ar shráideanna na príomhchathrach ag dul i laghad go tréan.
Vótáil Comhairle Bhardasach Bhaile Átha Cliath i bhfabhar comharthaí sráide dátheangacha sa bhliain 1901 agus síltear gur ón tráth sin na comharthaí sráide sin a bhfuil dath uaine agus bán orthu. Tá ainm na sráide i nGaeilge agus i mBéarla ar na comharthaí sráide sin agus an leagan Gaeilge sa seanchló Gaelach.
CLÓSCAPE CC-SA-BY-NC 4.0
Táthar ag iarraidh anois ar dhaoine grianghraif, cinn nua nó seanchinn, de sheanchomharthaí sráide Bhaile Átha Cliath a chur ar fáil do thogra nua taighde maidir leis an stair dhigiteach atá ag saothrú le comharthaí sráide de chuid na hÉireann a chaomhnú ar a bhfuil an cló Gaelach.
Táthar ag díriú ar dtús leis an togra píolótach ar Bhaile Átha Cliath ach tá súil tabhairt faoi shuirbhéireacht níos forleithne ar fud na tíre san am atá le teacht. Go dtí seo tá isteach is amach le 600 grianghraf de chomharthaí sráide i lár chathair Bhaile Átha Cliath tiomsaithe ag an togra. Tá an lucht taighde anois ag impí ar an bpobal cúnamh a thabhairt.
“An bhfuil seanghrianghraif agat de chomharthaí sráide i mBaile Átha Cliath ar a bhfuil an cló Gaelach le feiceáil? Nó an bhfuil seanchas agat faoin mbunús atá le hainmneacha sráide? Má tá, ba bhreá liomsa scéal a fháil uait,” a deir an Dr Nicole Volmering, Scoil na Staire agus na nDaonnachtaí, atá ag treorú an togra taighde CLÓSCAPE.
“An Cló Gaelach a thugtar i nGaeilge ar an gcló-aghaidh nó ar an gclófhoireann don pheannaireacht Ghaelach. Bhí leaganacha den pheannaireacht sin in úsáid chun Gaeilge agus Laidin a scríobh ón séú haois anuas. Aithneoidh tú freisin gurb é atá i lámhscríbhinní na hÉireann, ar éadan siopaí agus tithe ósta agus ar na seanchomharthaí sráide spéisiúla seo.
“Is beag atá ar eolas faoinar bhain leis na comharthaí áille seo a chur ar fáil agus a chrochadh. Tá d’aidhm leis an togra seo fianaise ar na comharthaí, i bhfoirm grianghraif de chuid na linne seo nó ón am atá caite, a bhailiú agus tuiscint a fháil ar na háiteanna ina mbíodh comharthaí le cló Gaelach orthu le fonn freisin na comharthaí atá fós ar fáil a chaomhnú.”
Le cistíocht ó Scéim Spreagtha Taighde Mhol an tSeomra Fhada i gColáiste na Tríonóide, déanfar le CLÓSCAPE fianaise grianghrafadóireachta ar na comharthaí, sa lá atá inniu ann agus san am atá caite, a chnuasach. Foilseofar na grianghraif mar ghné de Chartlann Comharthaí Sráide Stairiúla na hÉireann i dTaisclann Dhigiteach na hÉireann ionas go mbíonn teacht go héasca ag an bpobal agus ag lucht taighde ar an ábhar seo a bhfuil tábhacht faoi leith leis maidir le hoidhreacht chultúir na tíre seo.
CLÓSCAPE CC-SA-BY-NC 4.0
“Is gné thábhachtach na comharthaí sráide seo d’oidhreacht chultúir na tíre. Déantar aithris ar sheanstíl peannaireachta na hÉireann leis an gcló Gaelach agus tá, dá réir sin, lorg stair fhada scríbhneoireacht na Gaeilge air. Nuair a bunaíodh an Stát, bhí brú mór ann an Ghaeilge a úsáid in ábhar oideachais, ar chomharthaí sráide agus i leabhair mar shiombail go rabhthas ag treisiú leis an nGaelachas in Éirinn. Ach tamall maith de bhlianta roimhe sin, bhí an seanchló Gaelach seo in úsáid mar a bheadh ‘agóid chiúin’ ar siúl in aghaidh cheannas na Breataine ar chomharthaí bána agus uaine ar shráideanna Bhaile Átha Cliath.
“Mar a tharlaíonn, ainneoin an suntas atá leo ó thaobh cúrsaí staire, níl cosaint do chomharthaí sa chló Gaelach agus ní dhéantar caomhnú orthu in aon áit taobh amuigh de limistéar caomhantais ailtireachta. Tá cuid mhór de na comharthaí seo a bhfuil comharthaí nua sa chló Rómhánach, le dath gorm agus bán, curtha ina n-áit agus ní dhéantar foráil ar bith don chló Gaelach a úsáid in Acht na dTeangacha Oifigiúla mar atá i bhfeidhm faoi láthair.”
“Gach uair dá gcailltear comhartha, is comhartha ar stair Bhaile Átha Cliath agus ar stair an Ghaelachais a bhíonn á chailleadh.”
Is féidir tuilleadh a fháil amach agus grianghraif a sheoladh chugainn anseo: http://www.nicolevolmering.ie/closcape/
Media Contact:
Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551