Dírithe ag Cumann Feamainne nua na hÉireann ar an acmhainneacht neamhshaothraithe atá ag saothrú na feamainne
Posted on: 28 February 2025
Tá Cumann nuabhunaithe Feamainne na hÉireann (ISA) chun díriú ar an acmhainneacht nach bhfuil leas bainte as fós maidir le saothrú feamainne. Seolfar an cumann ag imeacht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath tráthnóna inniu. [Dé hAoine an 28 Feabhra 28].
Tá sé mar aidhm ag Cumann Feamainne na hÉireann, atá bunaithe ar shamhail a bhfuil ag éirí thar barr léi atá idir lámha ag Cumann Feamainne na hIorua, páirtithe leasmhara, lucht déanta beartais agus lucht taighde tionscail a thabhairt le chéile chun acmhainneacht saothraithe na feamainne a nochtadh mar earnáil atá dearfach ó thaobh an nádúir de, inmharthana ar bhonn eacnamaíoch agus atá faoi thionchar an phobail.
Is mar thoradh ar thionscadal taighde C-FAARER, a mhaoinítear faoi chlár Horizon an Aontais Eorpaigh, é Cumann Feamainne na hÉireann atá á óstáil ag an Lárionad don Nuálaíocht Shóisialta i Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide agus ag Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha sa Choláiste. Tá tacaíocht á fháil aige ó líonra láidir comhpháirtithe lena n-áirítear Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ollscoil Átha Cliath, Cumann Feamainne na hIorua, Nofima, Sea Going Green, Redrose Developments agus Horizon Nua.
“Tá sé réamh-mheasta go mbainfidh an tionscal feamainne domhanda €22 billiún amach faoin mbliain 2028, é sin de bharr treallús a bheith ar éileamh, atá ag dul i méid, le haghaidh bia inbhuanaithe agus ar an iliomad táirgí eile bunaithe ar alga ar príomhcholún den bhithgheilleagar iad. Le breis is 7,500km d’imeallbhord, tá Éire in áit mhaith le bheith ina ceannaire san fheirmeoireacht aigéin athghiniúnach, rud a chuideoidh chun an t-éiceachóras a thabhairt ar ais agus a thacóidh le slí mhaireachtála cois cósta, a mhínigh Gareth Murphy, Bainisteoir Tionscadail in Óir na Farraige, cuid den Simply Blue Group agus Cathaoirleach ar Chumann Feamainne na hÉireann
“D’fhéadfadh Éire a bheith ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain san fheirmeoireacht aigéin athchóiritheach, ach sin má chuireann an rialtas moltaí Athbhreithniú 2017 ar Cheadúnú Dobharshaothraithe i bhfeidhm — mura ngníomhaímid, tá an baol ann go gcaillfimid poist i bpobail cois cósta agus go mbogfaidh an nuálaíocht go háit éigin eile. Beidh ról ríthábhachtach ag Cumann Feamainne na hÉireann chun lucht tionscail, lucht taighde agus lucht déanta beartas a thabhairt le chéile chun nuálaíocht agus fás inbhuanaithe a chur chun cinn san earnáil.”
Ag seoladh na hoíche anocht i Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide, tiocfaidh feirmeoirí aigéin, lucht taighde, nuálaithe fiontair agus mic léinn le chéile chun tuilleadh a chloisteáil faoi fhiontair nuálacha agus fiontair nua san fheirmeoireacht aigéin athghiniúnach.
Dúirt Nessa O’Connor, Ollamh le Zó-Eolaíocht, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath: “Is ionann Cumann Feamainne na hÉireann agus céim chinniúnach i dtiomantas na hÉireann don fheirmeoireacht aigéin athghiniúnach agus d’fhorbairt geilleagar gorm inbhuanaithe. Ní theastaíonn aon úruisce ná leasacháin bhreise ó shaothrú feamainne agus tá i bhfad níos lú tionchair ar an gcomhshaol i gceist seachas mar atá ag talmhaíocht atá bunaithe ar an talamh nó ag cineálacha eile dobharshaothraithe. D’fhéadfaí gnáthóga, an bhithéagsúlacht agus cáilíocht an uisce go háitiúil a fheabhsú fiú amháin má dhéantar an fheamainn a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe.”
Trí thacú le gnólachtaí nuathionscanta, SMEanna agus leis an lucht tionscail, cuideoidh Cumann Feamainne na hÉireann le maoiniú a fháil, cur leis an rochtain atá ar an margadh, agus cuirfidh treallús faoi uathoibriú, faoi dhul chun cinn i gcúrsaí próiseála agus faoi tháirgí nua a fhorbairt. Tá sé mar aidhm ag Cumann Feamainne na hÉireann, atá tiomanta d’oideachas agus do rannpháirtíocht an phobail, a chinntiú go mbaineann réigiúin cois cósta tairbhe díreach as forbairt rathúil, inbhuanaithe thionscal na feamainne.
Anuas air sin, dúirt an Dr Dharm Kapletia, Comhalta Taighde sa Lárionad don Nuálaíocht Shóisialta i Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide: “Tá dúshláin roimh thionscal saothraithe na feamainne, lena n-áirítear, nósanna imeachta casta maidir le ceadúnas, rialachas nach bhfuil oiriúnach agus rochtain theoranta ar shaoráidí próiseála agus éileamh margaidh éiginnte. Beidh an ISA ina ghuth aontaithe ag an earnáil, ag tacú le beartais stuama agus chuimsitheacha, infheistíochtaí, chomh maith le comhroinnt eolais agus comhoibriú a éascú.”

Media Contact:
Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551