Coláiste na Tríonóide ag Gluaiseacht 2025
Posted on: 14 March 2025
Ba mhaith linn go mbeadh an oiread mac léinn, ball foirne agus céimithe agus is féidir inár dteannta Dé Céadaoin an 19 Márta don lá gluaiseachta agus gníomhaíochta coirp urraithe seo, ag bailiú airgid do chistí cruatain mac léinn
/prod01/channel_3/media/tcd/news-images/TOTM-featured-image-855X400.png)
Beidh Coláiste na Tríonóide ag Gluaiseacht ar siúl Dé Céadaoin an 19 Márta 2025.
Cad é Coláiste na Tríonóide ag Gluaiseacht?
Is lá gluaiseachta agus gníomhaíochta coirp urraithe é Coláiste na Tríonóide ag Gluaiseacht. Beidh sé ar siúl Dé Céadaoin an 19 Márta 2025 le linn na Seachtaine Sláinte & Spóirt agus ba mhaith linn go mbeadh an oiread mac léinn, ball foirne agus céimithe agus is féidir ag gluaiseacht agus go bhfaighidís urraíocht as é sin a dhéanamh.
Cibé más ag siúl, ag rothaíocht, ag rith nó ag rámhaíocht atá tú, bí páirteach agus bailigh airgead ar son cúise luachmhaire. Rachaidh an t-airgead ar fad a bhaileofar chuig dhá chiste thábhachtacha cruatain do mhic léinn — ceann amháin in oifig an Déin Shinsearaigh agus ceann eile faoi Chláir Rochtana Choláiste na Tríonóide.
Conas is féidir liom a bheith páirteach?
Ag am ar bith, is féidir leat síntiús a thabhairt anseo.
Cláraigh anseo ar Eventbrite. Féadfaidh tú clárú chun páirt a ghlacadh ngníomhaíocht fhisiciúil amháin nó in iliomad gníomhaíochtaí fisiciúla ar an lá. Maireann gach gníomhaíocht 30 nóiméad, agus is féidir leat rogha a dhéanamh idir siúl, rith, rothaíocht, rámhaíocht nó gníomhaíocht i gcathaoir rothaí.
Beidh an t-imeacht ar an láthair ar siúl i bPáirc an Choláiste ó 11am go 5pm. Is féidir leat páirt a ghlacadh go fíorúil freisin trí ghníomhaíocht a logáil ar Ghrúpa Strava Choláiste na Tríonóide idir 6am agus 11pm ar an 19 Márta.
Anuraidh, bhailíomar os cionn €10,000 agus ba bhreá linn níos mó fós a bhailiú i mbliana. Tá sé feicthe againn conas atá na cistí seo tar éis cabhrú le mic léinn i ngátar agus mar sin bheadh sé go hiontach tacú leis na cúiseanna fiúntacha seo.
Scaip an scéal, le do thoil, glac páirt agus spreag daoine eile chun é sin a dhéanamh freisin. Is deis í seo teacht le chéile mar phobal Choláiste na Tríonóide agus ár dtacaíocht dá chéile a thaispeáint.
Teagmháil do na Meáin:
Joanne Carroll | Oifigeach Cumarsáide Inmheánaí | joanne.carroll@tcd.ie | +353 86 136 8036
Media Contact:
Joanne Carroll | Internal Communications Officer | joanne.carroll@tcd.ie | +353 86 136 8036