Ceiliúrann Coláiste na Tríonóide athainmniú na Leabharlainne i ndiaidh an fhile Eavan Boland
Posted on: 11 March 2025
Is é Leabharlann Eavan Boland an chéad fhoirgneamh ar champas na hOllscoile i lár na cathrach atá ainmnithe i ndiaidh mná.
Sa tseachtain tar éis Lá Idirnáisiúnta na mBan, tá Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ag comóradh athainmniú a phríomhleabharlainne i ndiaidh an fhile Eavan Boland le hócáid speisialta ar an gcampas. Tá taispeántas amuigh faoin aer ar Eavan Boland agus ar a cuid filíochta, agus taispeántas ilmheán laistigh maidir le dí-ainmniú agus athainmniú na leabharlainne.
Rinne Seansailéir Choláiste na Tríonóide, an Dr Máire Mhic Ghiolla Íosa, agus an t-aoi oinigh, an file Paula Meehan, ceiliúradh ar ainmniú Leabharlann Eavan Boland (Leabharlann Berkeley roimhe seo) tráthnóna Dé Luain (10 Márta 2025), in éineacht le baill foirne agus mic léinn Choláiste na Tríonóide, muintir agus cairde Eavan Boland, pobal filíochta na hÉireann, agus ionadaithe ón saol cultúrtha agus ón saol poiblí in Éirinn.
Bhí Eavan Boland, a fuair bás in 2020, ar dhuine de na mná ba mhó le rá i litríocht na hÉireann, a d’fhoilsigh a lán cnuasach filíochta agus cuimhní cinn Object Lessons sa bhliain 1995, agus a theagasc agus a thug léachtaí in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe. Tá clú agus cáil ar a cuid filíochta as taithí na mban a chur chun tosaigh i bhfilíocht na hÉireann, agus as gníomhaí seachas ábhar a dhéanamh den bhean san fhilíocht.
Is é Leabharlann Eavan Boland an chéad fhoirgneamh ar champas na hOllscoile i lár na cathrach atá ainmnithe i ndiaidh mná.
Chinn Bord na hOllscoile gur cheart a hainm a thabhairt ar Leabharlann Choláiste na Tríonóide i mí Dheireadh Fómhair seo caite tar éis tréimhse taighde, anailíse agus comhairliúcháin phoiblí faoi mhaoirseacht Ghrúpa Oibre Choláiste na Tríonóide maidir le hAthbhreithniú Oidhreachta.
Osclaíodh taispeántas faoin aer, ‘Eavan Boland: Solas Éagsúil’ ar phóidiam na Leabharlainne, chomh maith le teilgean ar aghaidh na Leabharlainne tar éis thitim na hoíche.
Reáchtáladh imeacht ‘I gComhrá le’ faoi Eavan Boland leis na filí Eiléan Ní Chuilleanáin, Katie Donovan agus Victoria Kennefick Dé Máirt an 11 Márta ó 4.30pm-5.30pm i dTeach an Rialóra (ag an Áirse Thosaigh) i gColáiste na Tríonóide. Ba í an Dr Rosie Lavan a rinne cathaoirleach ar an imeacht, ar a rinne Leabharlann Choláiste na Tríonóide óstáil air i gcomhar le Scoil an Bhéarla.
Dúirt Leabharlannaí agus Cartlannaí an Choláiste, Helen Shenton: “Ina cuid filíochta, tugann Eavan Boland cuireadh dúinn ‘míniú a bhaint as an am atá thart a mhéid agus is féidir’. Trí bhreathnú siar, cruthaítear léargais nua; mar leabharlann sa 21ú haois, tugann an t-athrú ainm ar an bhfoirgneamh leabharlainne uathúil seo tús áite d’eispéireas mhic léinn na linne seo ar spás leabharlainne atá fáilteach agus tacúil. Faoin ainm nua, cuirtear spás ionchuimsitheach agus spreagúil ar fáil do mhic léinn reatha agus do na glúnta mac léinn atá le teacht, agus borradh breise bisiúlachta anois fúthu mar gheall ar chlú Eavan Boland maidir leis an léann agus leis an bhfeimineachas
Dúirt an file Paula Meehan: “Thuig Eavan go bhféadfadh a ceird, agus a healaín ársa agus liriceach, na hábhair imní atá acu siúd atá ar imeall shochaí na hÉireann a chur i gcroílár an chomhrá maidir le rochtain, ceadanna, agus an ceart éisteacht a fháil. D’úsáid sí a cuid taithí saoil mar bhean agus mar mháthair i gcultúr patrarcach iarchoilíneach chun an tuairim ar cad is file ann a athrú go radacach lenár linn. Tá súil agam go spreagfaidh a cumhacht, a samhlaíocht agus a comhbhá na mic léinn a úsáidfidh an Leabharlann seo.”
Dúirt Sarah Casey, iníon Eavan, thar a ceann féin agus thar ceann a deirféar Eavan: “Ní raibh fonn ar ár máthair aitheantas a bhaint amach di féin ach tá a fhios againn gur áit an-speisialta a bhí i gColáiste na Tríonóide di, áit ar chaith sí na blianta ba mhó a chuaigh i bhfeidhm uirthi sna 1960idí. Bhraith sí i gcónaí gur file teagaisc a bhí inti. Ba mhór aici go mbeadh glúnta mac léinn na todhchaí i gColáiste na Tríonóide ag siúl isteach i bhfoirgneamh ar a mbeidh a hainm.”
Dúirt Propast Choláiste na Tríonóide, an Dr Linda Doyle: “Ón uair ar fógraíodh ainm nua na Leabharlainne anuraidh, tá an fhreagairt dhearfach ón oiread sin mac léinn agus ball foirne tar éis dul i bhfeidhm orm. Ní hamháin gurbh file iontach í Eavan Boland, a raibh cáil uirthi sa bhaile agus thar lear, bhí sí ina mac léinn anseo i gColáiste na Tríonóide freisin, mhúin sí anseo agus bhain sí céim oinigh Choláiste na Tríonóide amach.
Beidh sí ina heiseamláir fhiúntach dár mic léinn ar feadh na mblianta fada amach romhainn.”
Media Contact:
Catherine O’Mahony | Media Relations | catherine.omahony@tcd.ie