Tá cógais shíceatrópacha á dtógáil ag níos mó ná leath na ndaoine aosta a bhfuil míchumas intleachtúil ag gabháil dóibh

Posted on: 02 May 2024

Dírítear aird leis an mbeart taighde seo - cineál nach ndearnadh cheana - ar an ngá a bhíonn le hathbhreithniú cuimsitheach go tráthrialta ar an úsáid as cógais ionas nach dtarlaíonn cógais éagsúla síceatrópacha a ordú go míchuí.

Is léir ón staidéar Examining Quality, Use and Impact of Psychotropic (Use) in older adults with intellectual disabilities (EQUIP), go bhfuil cógais shíceatrópacha á dtógáil ag níos mó ná leath na ndaoine aosta a bhfuil míchumas intleachta ag gabháil dóibh, ina measc cógais frithshíocóiseacha agus frithdhúlagráin a úsáidtear don chóireáil maidir le mheabhairghalar.

Cé go bhfuil barrthábhacht leis na cógais sin don chóireáil maidir le galar meabhrach agus go gcuireann siad le caighdeán an tsaoil ag daoine a bhfuil meabhairghalar ag gabháil dóibh, is féidir baol breise fothorthaí a bheith ag dul le mí-úsáid, iatacht nó titim san áireamh, nó baol breise go gcuirfí isteach ar leibhéil gníomhaíochta. San am a caitheadh, d'fhéadfadh gur ordaíodh cógais den chineál seo mar gheall ar iompar a bhí ina ábhar buartha agus gan aon mheabhairghalar i gceist.

NA PRÍOMHTHORTHAÍ

Áirítear ar na torthaí ar an saothar taighde, lena mbaintear leas as sonraí ón taighde fhadaimseartha ar dhaoine aosta a bhfuil míchumas intleachta ag gabháil dóibh, The Intellectual Disability Supplement to the Irish longitudinal Study on Ageing) (IDS-TILDA):

  • Bhí tuairim agus seisear as gach deichniúr rannpháirtí ag tógáil ar a laghad aon chógas síceatrópach amháin mar gheall ar ghalar meabhrach le deich mbliana anuas.
  • Bhí cógais fhrithshíocóiseacha ar an gcuid ba mhinice tuairisc de chógais shíceatrópacha i gcónaí ar feadh deich mbliana na sonraí agus luaigh ceathrar as gach deichniúr a raibh míchumas intleachta ag gabháil dóibh go raibh cógas frithshíocóiseach á thógáil acu.
  • Tharla laghdú suntasach le himeacht aimsire maidir le húsáid as coscaire imní i ndáil le gach duine a ghlac páirt i sruthanna uile an staidéir, le 25% den dream sin á dtógáil sa bhliain 2010, i gcomparáid le 17.6% sa bhliain 2020.
  • Tharla laghdú den chineál céanna maidir le húsáid as cógais hiopnóiseacha (táibléid suain) le 14% á dtógáil sin sa bhliain 2010, agus 9% sa bhliain 2020
  • Bhí ardú suntasach le tabhairt faoi deara le himeacht aimsire maidir le frithdhúlagrán a úsáid (Sruth 1 26.2% v Sruth 4 31.8%), agus ba mhó an dóigh go luafadh mná úsáid frithdhúlagrán.
  • Ba lú go mór an dóigh go luafaidís siúd a bhfuil siondróm Down ag gabháil dóibh go raibh cógais shíceatrópacha á dtógáil agus bhí rátaí níos ísle le meabhairghalar a lua acusan ná ag daoine faoi mhíchumas intleachta mar gheall ar chúiseanna eile.
  • I ndáil le rannpháirtithe a luaigh iompar a bheadh ina ábhar buartha agus gan aon mheabhairghalar i gceist, bhí 35.5% a luaigh cógais shíceatrópacha a thógáil cé nach raibh níos mó ná 40% a luaigh go raibh seirbhísí criticiúla cúnta neamhchógaisíochta ar fáil dóibh.
  • Ní raibh ilchógaisíocht shíceatrópach (níos mó aon chógas síceatrópach amháin a thógáil le chéile) á cheangal le titim, le hiatacht ainsealach ná le néaltrú, ach bhí le spleáchas breise maidir le gnáthbhearta laethúla.
  • Luaigh rannpháirtithe nua san aoisghrúpa 40-49 mbliana d'aois, a earcaíodh do Shruth 4 sa bheart staidéir i rith na bliana 2020, leibhéal úsáide níos ísle maidir le hábhar síceatrópach, le 26.6% de na daoine 40–49 mbliana d'aois sa bhliain 2020 a luaigh go raibh cógais shíceatrópacha á dtógáil acu i gcomparáid le 40.5% díobh siúd a bhí 40–49 mbliana d'aois sa bhliain 2010.

Dúirt an Dr Máire O’Dwyer, Ollamh Cúnta i Scoil na Cógaisíochta agus na nEolaíochtaí Cógaisíochta, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus an príomh-imscrúdaitheoir maidir le beart staidéir EQUIP:

Ní dhearnadh staidéar den chineál seo riamh cheana agus is ríléir uaidh an gá atá le hathbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh go rialta ar an úsáid a bhaintear as cógais ionas go seachnaítear cógais éagsúla shíceatrópacha a ordú go míchuí in éineacht. Is léir ón laghdú atá le himeacht ama ar an úsáid as cógais hiopnóiseacha agus as cógais suain go dtarlaíonn athbhreithniú agus is ábhar muiníne agus dóchais sin. Is léir freisin ó úsáid níos lú as cógais shíceatrópacha ag rannpháirtithe níos óige a tháinig isteach faoi scáth an staidéir sa bhliain 2020 go bhfuil athrú ag tarlú.”

Ba léir ón saothar taighde freisin an gá géar atá le teacht a bheith ag daoine atá faoi mhíchumas intleachta a fhulaingíonn meabhairghalar ar chúnamh neamhchógaisíochta, lena n-áirítear teacht ar theiripe síceolaíochta agus ar theiripe saothair. Tugtar chun aire freisin gur dócha go ndéanfar tairbhe don uile dhuine aosta, go háirithe dóibh sin a mbíonn néaltrú ag gabháil dóibh, mar gheall ar na tionscnaimh chun beart a dhéanamh i ndáil leis an ábhar buartha maidir leis an úsáid as cógais shíceatrópacha le daoine atá faoi mhíchumas intleachta.

Dúirt An tOllamh Mary McCarron, bunaitheoir agus Príomh-imscrúdaitheoir IDS-TILDA, agus comh-phríomh-imscrúdaitheoir:

 “Baineann castacht leis na ceisteanna faoi chógais shíceatrópacha. Bíodh sin mar atá, is léir ó thorthaí bheart staidéir seo EQUIP go bhfuil leibhéal an-ard i gceist leis an úsáid as na cógais seo. Tá sin ina ábhar buartha agus cuirtear de chúram orainn smaoineamh ar roghanna eile agus cógais eile a ordú de réir mar is cuí. Tá bunghá le hathbhreithniú go tráthrialta freisin, mar atá le leas níos minice a bhaint as modhanna neamhchógaisíochta agus teacht a bheith níos forleithne ar bhaill de mheithle ildisciplíneach, ionas go gcuirtear feabhas ar an tsláinte agus ar chaighdeán an tsaoil ag an dream seo ar mó de réir a chéile a tharlaíonn i mbaol iad.”

Dúirt an Dr Maeve Moran, Síciatraí Comhairleach, Síciteiripeoir Liachta, Léachtóir Sinsearach i gColáiste Ríoga na Máinlia in Éirinn, comhalta den Dámh agus Cathaoirleach na Síciatrachta tráth i nDámh Coláiste Síciatraithe na hÉireann maidir le Míchumas Foghlama, Comhalta de chuid an Royal College of Psychiatrists sa Ríocht Aontaithe:

“Táthar gann in ábhar taighde maidir leis an gcur isteach ar an dream seo i bpobal na hÉireann ag an easnamh maidir le haird ar riachtanais shíceashóisialta - lena dtabharfaí san áireamh teacht ar idirbheartaíocht speisialtóirí maidir le síceolaíocht, teiripe saothair, obair shóisialta agus teiripe urlabhra agus teanga. Nuair nach gcuirtear ar fáil aonaid speisialtóireachta d'othair cónaithe a bheadh oiriúnach do riachtanais dhaoine faoi mhíchumas intleachta agus meabhairghalar, brúitear daoine isteach faoi mhodhcóireála pobail nach ndéanfaidh freastal i ngach cás ar na riachtanais atá acu. Is gné eile nach bhfuil dóthain taighde déanta uirthi an tionchar a bhíonn ag an easpa sin ar chógais shíceatrópacha a ordú.”

Media Contact:

Ciara O’Shea | Media Relations | coshea9@tcd.ie | +353 1 896 4204