Sceitimíní i rith Lá Leighis na nÓg 2024

Posted on: 11 April 2024

Tugadh deis ag an gcéad Lá Leighis Bunscolaíochta TAP do leanaí bunscoile a mbeadh i gceist le gairm bheatha i mbun cúrsaí leighis a shamhlú agus a fhiosrú dóibh féin.

Sceitimíní i rith Lá Leighis na nÓg 2024

Leanaí i rang a 5 agus i rang i 6 as scoileanna DEIS ar fud na príomhchathrach a bhí i láthair ag an ócáid TAP (Cláir Rochtana Choláiste na Tríonóide) i gcomhar le Coiste Lá Leighis Choláiste na Tríonóide agus Dámh na nEolaíochtaí Sláinte.

Chuir an tOllamh Luke O’Neill as Coláiste na Tríonóide tús le cúrsaí na maidine le caint spleodrach i Scoil an Leighis, a raibh gnéithe idirghníomhaíochta i gceist léi, faoina shaol gairm ina imdhíoneolaí agus faoi na gnéithe iontach agus aisteacha a bhaineann le córas imdhíonachta an duine. Mhínigh Luke gur nuair a théann an córas imdhíonachta in aimhréidh a thagann ailse, asma, galar Alzheimer agus galair eile dá leithéid chun cinn. 

Mhol sé do na daltaí smaoineamh ar shaol i mbun cúrsaí eolaíochta agus leighis agus spreag sé iad chun tabhairt faoin réimse sin i gColáiste na Tríonóide.

"Teastaíonn sibh uainn. Táimid ag iarraidh go ndéanfaidh sibh fionnachtana nua," arsa an tOllamh.

"Is í an cheist an rud is bunúsaí i mbun eolaíochta,”  a deir sé. "Agus is é a bhíonn le déanamh ag lucht na heolaíochta freagraí a fháil ar cheisteanna nach raibh freagra orthu go fóill."

Tar éis na cainte seo ó Luke, tugadh na daltaí go hAonad 18, Sráid Uí Mhaicín, an spás pobail a chuir Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar fáil ar Champus Thoir Choláiste na Tríonóide, gur chuir na daltaí orthu éide dochtúra agus cótaí saotharlainne agus gur oibrigh in éineacht le mic léinn dheonacha, arna n-eagrú ag Coiste Lá Leighis Choláiste na Tríonóide, i mbun seisiúin phraiticiúla, ag foghlaim modhanna CPR, ag tomhas rátaí cuisle agus rátaí croí, ag seiceáil comharthaí beatha agus acmhainn frithluaile, agus ag obair le x-ghanna.

Dúirt Wendy Crampton, Stiúrthóir Chláir Rochtana Choláiste na Tríonóide (TAP):

 "Tá muid an-bhuíoch de na mic léinn a d'oibrigh go deonach do Choiste an Lá Leighis agus do bhaill foirne Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath as oibriú i gcomhar le Cláir Rochtana Choláiste na Tríonóide ar Lá Leighis na nÓg. Féachtar le daoine óga i mbunscoileanna DEIS ar fud Bhaile Átha Cliath a spreagadh, ní hamháin tríd an deis ar ré gairme i mbun na n-eolaíochtaí sláinte agus an leighis tráth is faide amach ina saol a chur ar a súile dóibh, ach trí mheon na fiosrachta agus na féidearthachta a chothú iontu.

 

 Is gné bhuntábhachtach seo den chlár oideachais níos fairsinge maidir leis an Matamaitic agus Eolaíocht ar an mBunscoil, lena mbaineann 30 ceardlann, agus fáiltítear roimh líon is mó ná 1,000 dalta bunscolaíochta ar an gcampas.

 

Is eiseamláir an chomhpháirtíocht seo de dhúthracht Choláiste na Tríonóide maidir le hoideachas pobail, ionchuimsitheacht agus bealaí nua comhchaidrimh."

Dúirt an tOllamh Luke O’Neill, Cathaoirleach na Bithcheimice, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath:

“Is ábhar lúcháire dom a bheith ag labhairt le daltaí bunscoile ag 'Lá Leighis na nÓg'. Is iontach an bealach é le suim i gcúrsaí leighis agus eolaíochta a spreagadh iontu. Seo iad a bheidh ina ndochtúirí san am atá romhainn agus tá géarghá againn leo, go háirithe agus a bhfuil d'athrú ag teacht ar eolaíocht an leighis. Cuirim romham insint dóibh faoi chúrsaí imdhíonachta agus leighis ar bhealach atá spraíúil agus - tá súil agam - spreagúil.” 

Is eagras carthanachta faoi stiúir na mac léinn atá i gCoiste Lá Leighis Choláiste na Tríonóide. Is iad na mic léinn leighis i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a ritheann an coiste a bhailíonn airgead ar mhaithe le tionscadail fhiúntacha cúram sláinte.  Ó cuireadh Lá Leighis Choláiste na Tríonóide ar bun sa bhliain 2002, bailíodh níos mó ná €900,000 ar mhaithe le seirbhísí áitiúla sláinte agus tá sé faoin tráth seo ar cheann de laethanta móra na bliana i Scoil an Leighis le baill foirne, mic léinn agus lianna comhairleacha ag cuidiú le hiarrachtaí airgead a bhailiú.

Dúirt Joy Cloonan, Cathaoirleach Choiste an Lá Leighis:

“Is iontach an rath atá ar obair Choiste an Lá Leighis go dtí seo i mbliana agus €83,500 bailithe maidir le tionscadail éagsúla in ospidéil teagaisc Choláiste na Tríonóide.

Bíonn an obair le mic léinn Chláir Rochtana Choláiste na Tríonóide (TAP) ar cheann de na buaicphointí gach bliain ag an gcoiste. Tá obair i gcomhar le TAP ar siúl cheana féin maidir le leagan den Lá Leighis a rith do dhaltaí  dara leibhéil agus is ábhar lúcháire dúinn cur leis sin anois trí chuireadh a thabhairt isteach go Coláiste na Tríonóide do dhaltaí bunscoile ionas go bhfeiceann siad an saol a bheadh acu ina n-ábhar dochtúra.”

Is fiúntach agus is tairbheach an páirtí an Coiste maidir le himeachtaí TAP do dhaltaí. Cuidíonn siad le Lá Leighis na Scoileanna Dara Leibhéal a eagrú gach bliain. Ar na scoileanna a bheidh ag freastal ar an Lá Leighis amárach tá: Scoil Náisiúnta Uí Chonaill, Scoil Chaitríona, Sráid Bhagóid, S.N. San Anna, Fothair Chairn, Scoil Náisiúnta Labhráis Uí Thuathail agus Pobalscoil Náisiúnta Dheisceart na Cathrach.

 

Media Contact:

Ciara O’Shea | Media Relations | coshea9@tcd.ie | +353 1 896 4204