Éileamh ar chistí dírithe ar bhearta taca atá oiriúnach ó thaobh cultúir maidir leis an tsláinte meabhrach do mháithreacha naíonán nuabheirthe

Posted on: 01 May 2024

Aird ag comhdháil arna eagrú an tráth céanna le Lá Domhanda na Meabhairshláinte Máithreachais ag Lárionad Choláiste na Tríonóide don Taighde ar Chúram Máithreachais (TCMCR) agus Comhairle Náisiúnta na mBan ar an ngá atá go práinneach le bearta taca do mháithreacha naíonán nuabheirthe.

Tabharfar aird ag comhdháil i mBaile Átha Cliath, ar an 1 Bealtaine 2024, ar a bhfuil le rá ag mná a bhraith bacanna á gcur rompu maidir le bearta cúnta i ndáil leis an meabhairshláinte imbhreithe a thapú ar leibhéal an chúraim phríomhúil, i measc an phobail, nó sa chás go raibh cúnamh speisialtóireachta á lorg acu. Tá an chomhdháil, faoin teideal: "From Research to Action: Improving Perinatal Mental Health for All Women in Ireland" á heagrú i gcomhar idir an Lárionad don Taighde don Chúram Máithreachais (TCMCR) i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Comhairle Náisiúnta na mBan. 

 

Beidh spás cóiriúil á chruthú ar an ócáid seo ar mhaithe le haird níos mó agus níos leithne ar a bhfuil á chur in iúl ag mná faoina dtaithí féin maidir le meabhairshláinte máithreachais, go háirithe iad siúd a bhaineann le dreamanna imeallaithe nó le mionlach eitneach. Beidh cainteoirí ag an gcomhdháil ó eagraíochtaí tábhachtacha sa tsochaí shibhialta a oibríonn go díreach le dreamanna imeallaithe ban agus i mbun aighneachta maidir leis an tsláinte meabhrach chomh maith le mná a chuirfidh a dtaithí féin ar an saol i láthair agus daoine den lucht léinn agus daoine a oibríonn le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i ndáil le réimsí éagsúla. Níl áit le fáil ag an gcomhdháil níos mó ó tá an t-uaslíon 130 toscaire cláraithe cheana féin.

 

Beidh an chomhdháil faoi chathaoirleacht Catherine Brogan, Uachtarán Sláinte Meabhrach na hEorpa & Cathaoirleach ar Shláinte Meabhrach na hEorpa & Cathaoirleach Comhfhís, an Coiste Náisiúnta Forfheidhmiúcháin agus Monatóireachta (CNFM). 

 

Dúirt Doireann Crosson, Comhordaitheoir Shláinte na mBan ag CNB:

 

“Is deis an chomhdháil chomheagraithe seo le haird níos mó agus níos leithne a tharraingt ar a bhfuil le rá ag mná a bhraith bacanna á gcur rompu maidir le bearta cúnta a thapú ar leibhéal an chúraim phríomhúil, i measc an phobail, nó sa chás go raibh cúnamh speisialtóireachta á lorg acu. Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta le tamall de bhlianta anuas, tá nithe ar luadh príomhthábhacht leo cheana, mar shampla Aonad Máithreacha agus Naíonán a chur ar bun ina mbeadh cúnamh á chur ar fáil don mháthair, mar othar cónaitheach, in éineacht lena naíonán, fágtha gan a dtabhairt i gcrích.  

 

Is eol freisin gur mó arís agus gur troime an deacracht a bhíonn roimh mhná a rinne imirce chun na tíre seo agus roimh mhná a bhaineann le dreamanna mionlaigh, mná den Lucht Siúil agus de mhuintir na Romach san áireamh. Is léiriú glé sin ar an ngá atá le breis infheistíochta agus le bearta cúnta i ndáil leis an meabhairshláinte atá dírithe go sainiúil agus go cuí maidir le gnéithe cultúir." 

 

Dúirt an Dr Deirdre Daly, Stiúrthóir Lárionad Choláiste na Tríonóide don Taighde don Chúram Máithreachais:

 

“Féachann TCMCR le toradh níos fearr a thabhairt i bhfeidhm do mhná, dá gcuid páistí agus leanaí, dá gcéile agus dá dteaghlach i dtimpeallachtaí éagsúla sóisialta i rith gach céim den timthriall giniúna. Táthar cinnte gur féidir linn sin a thabhairt i gcrích in éineacht nuair is iad na daoine a thagann faoinár gcúram is ábhar do na bearta taighde agus nuair is i gcomhar leo agus ar mhaithe leo a dhéantar an obair thaighde ar fad. Bíonn tús áite againne le hobair thaighde agus tionscaimh eile ar mhaithe le feabhsú cáilíochta a dhéanamh i gcomhar le mná agus ár gcuid páirtithe gairmiúla uile i réimse na sláinte agus an chúraim shóisialta. 

 

“Is breá linn, i gcomhar le CNB, an chomhdháil seo a chur ar siúl atá dírithe ar mhná agus ar ghrúpaí abhcóideachta na mban agus ar aird a thabhairt orthusan. Is gné lárnach den mheon ag lucht taighde an lárionaid a chinntiú go mbíonn na mná i gcroílár na beartaíochta taighde, mar is ea freisin maidir leis an mbeart staidéir ar Shláinte Máithreachais agus ar Ghalracht Máithreachais in Éirinn (MAMMI). Is breá linn freisin roinnt de thorthaí bheart staidéir MAMMI agus thráchtas an Dr Hannon a chur i láthair maidir lena raibh le rá ag mná faoin meabhairshláinte imbreithe ó thráth an toirchis anonn go mbíonn bliain iarthuismidh caite – torthaí nua nach raibh a leithéid ar fáil cheana in Éirinn. 

 

“Tá súil againn go dtarraingíonn an chomhdháil seo aird ar a thábhachtaí atá gur faoi anáil thaithí agus thuairimí na mban a dhéantar beartas, gnás agus seirbhísí a leagan amach agus go leagtar béim ar an ngá atá le cistí agus acmhainní saindírithe d'fhonn na bearta cúnta a thabhairt chun cinn a gcuireann na mná in iúl gur leo atá gá agus gurb iad atá de dhíth orthu ionas go mbíonn siad i mbarr a sláinte, idir cholainn is mheabhair, chomh mór agus is féidir agus iad ag dul i mbun máithreachais."

Media Contact:

Ciara O’Shea | Media Relations | coshea9@tcd.ie | +353 1 896 4204