Léiríonn "Shark fitbit" sonraí den chéad uair riamh maidir le freagairt liamháin ghréine tar éis buille ó bhád

Posted on: 24 July 2024

Is iad seo na chéad sonraí riamh de fhreagairt láithreach mheigeafhána mara (m.sh. míolta móra agus siorcanna móra) ar bhuille ó bháid. Is léir anois gur bagairt mhór é sin ar fud an domhain.

D’fheistigh an fhoireann chomhoibritheach “fitbit” ar liamhán gréine baineann 7 méadar ar fad i gContae Chiarraí chun sonraí tábhachtacha iompraíochta agus fiseolaíocha a bhailiú. Sé uair an chloig ina dhiaidh sin, bhuail bád í sa chéad Pháirc Náisiúnta Mara in Éirinn. 

Léirigh sonraí a fuarthas ón fitbit – ar a dtugtar "ceamara ainmhí-iompartha agus aonad tomhais támhúil" - gur shnámh an siorc go grinneall na farraige láithreach, gur bhog sí go dtí uiscí i bhfad níos doimhne amach ón gcósta agus gur tháinig laghdú ollmhór ar a leibhéal gníomhaíochta. Dhícheangail an fitbit thart ar sheacht uair an chloig ina dhiaidh sin, agus ag an bpointe sin, ní raibh an siorc á iompar féin mar ba ghnách. Mar sin, cé nár mharaigh an buille í láithreach, níl an fhoireann cinnte a shuntasaí a bhí na gortuithe inmheánacha ná níl siad cinnte ar tháinig an siorc slán sa deireadh.

Ina theannta sin, leagtar amach san obair, a foilsíodh san iris Frontiers in Marine Sciencean gá atá le cód iompair bádóireachta atá ceangailteach ó thaobh dlí de (m.sh. srianta ar luas árthaí i limistéir chomhthionóil liamháin gréine), ag a bhfuil cumhacht forfheidhmithe do na húdaráis chuí.

Idir an dá linn, tugtar treoir an-simplí do bhádóirí dul go mall (<6 mhuirmhíle) in aon áit ar eol dúinn a mbíonn siorcanna ag teacht go barr uisce (ar fáil trí thuairiscí ó Ghrúpa Faire na Míolta Móra agus Deilfeanna na hÉireann: https://iwdg.ie/sightings/) le linn laethanta socra grianmhara san earrach agus sa samhradh in Éirinn. Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi chun liamháin ghréine a láimhseáil, tá Cód Iompair Thogra Liamháin Ghréine na hÉireann ar fáil ag: https://www.baskingshark.ie/downloads

Dúirt Nick Payne, Ollamh Cúnta i Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath: "Tá Éire fós ar cheann de na haon áiteanna ar fud an domhain ina mbíonn líon mór liamháin ghréine atá i mbaol fós ag teacht le chéile, agus is iontach an rud é gur tugadh cosaint oifigiúil dóibh faoin Acht um Fhiadhúlra (1976) in 2022. Ina theannta sin, i mbliana, d'fhógair rialtas na hÉireann an chéad Pháirc Náisiúnta na Mara in Éirinn amach ó Chontae Chiarraí, láthair a mbíonn an speiceas ag beathú ann go séasúrach agus – is dócha – ag pórú.

"Ach, ós rud é gur buaileadh siorc ar ar chuir muid “fitbit”' sa cheantar seo taobh istigh de chúpla uair an chloig, léiríonn sé a leochailí is atá siad agus leagann sé béim ar an ngá atá le níos mó oideachais maidir le maolú a dhéanamh ar bhuillí báid den sórt sin. Déanann liamháin ghréine beatha a scagadh ag an dromchla, mar a dhéanann roinnt míolta móra, agus dá bhrí sin, bíonn siad i mbaol buillí.

Dar le Alexandra McInturf, Comhlach Taighde le Coastal Oregon Marine Experiment Station (COMES), Ollscoil Stát Oregon, agus comhordaitheoir Thogra Liamháin Ghréine na hÉireann, is deis é seo tuilleadh taighde a spreagadh ar an teagmháil a bhíonn ag lucht farraige le liamháin ghréine in Éirinn. Dúirt sí: "Tugann an eachtra seo le fios go bhfuil i bhfad níos mó taighde ag teastáil maidir le coitiantacht na mbuillí loinge ar liamháin ghréine i bPáirc Náisiúnta nua na Mara agus i bpríomhlimistéir eile ar chósta na hÉireann.  

"Ina theannta sin, tugann sé chun solais tuilleadh ceisteanna maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na siorcanna i ndáiríre ag áitiú na ngnáthóg sin nuair nach bhfuil siad le feiceáil go soiléir ag barr uisce agus cá fhad a bhíonn siad ann. Ós rud é go bhfuil Éire ar cheann de na t-aon áiteanna ar fud an domhain ina mbreathnaítear go leanúnach ar liamháin ghréine, beidh sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar cheisteanna den sórt sin agus bonn eolais a chur faoin tuiscint éiceolaíoch agus chaomhnaithe atá againn ar an speiceas seo atá i mbaol ar fud an domhain." 

Dúirt Taylor Chapple, Ollamh Cúnta le Coastal Oregon Marine Experiment Station (COMES), Ollscoil Stát Oregon agus an príomhúdar: “Murab ionann agus míolta móra, is minic a théann liamháin ghréine go tóin poill nuair a mharaítear iad, mar sin, tá sé an-deacair rátaí báis a thomhas agus fiú sa chás seo, nuair nár mharaigh an buille an siorc ar an bpointe boise, nílimid cinnte faoin deireadh a bhí ag an liamhán gréine a buaileadh.

"Is ábhar imní ar fud an domhain í an chomhréim atá ag na siorcanna, na míolta móra agus gníomhaíochtaí beatha agus muirí, agus fiú nuair nach mbíonn na buillí marfach, d'fhéadfadh iarmhairtí suntasacha gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a bheith ag na buillí neamh-mharfacha freisin. Bíonn tábhacht níos mó fós leo sin nuair a athraíonn siad iompar na speiceas atá i mbaol, speicis a bhfuilimid ag déanamh iarracht mór iad a chosaint." 

Fuarthas maoiniú le haghaidh na hoibre seo ó Future Legend Films, Ollscoil Stát Oregon, National Geographic, agus ó Thionscadal Eolaíochta Theorainneacha an Duine.

Media Contact:

Thomas Deane | Media Relations | deaneth@tcd.ie | +353 1 896 4685