‘From Decadence to Despair’ — céim aníos go hard a réime agus béim síos in umar na haimléise, ríomhtar saol Oscar Wilde i dtaispeántas i gColáiste na Tríonóide

Posted on: 17 October 2024

Céim aníos agus béim síos mar a bhain le saol Oscar Wilde ábhar an taispeántais i Seanleabharlann Choláiste na Tríonóide atá á eagrú mar chomóradh ar chothrom 170 bliain ó rugadh an drámadóir clúiteach ar an 16 Deireadh Fómhair 1854.

Sa taispeántas dar teideal Oscar Wilde:  From Decadence to Despair agus sa taispeántas ar líne atá ag gabháil leis, iad araon á n-eagrú ag Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ríomhtar céim aníos Wilde go barr réime agus an bhéim síos a tháinig ina dhiaidh sin.

File, drámadóir, úrscéalaí, fear aistí, fear gearrscéalta agus máistir an aon líne ghonta amháin, áirítear Oscar Wilde ar dhuine de mhórscríbhneoirí dheireadh an naoú céad déag agus i measc na gcéimithe is iomráití de chuid Choláiste na Tríonóide. Chomh maith lena shaothar litríochta, bhí cáil ar Wilde freisin mar gheall ar éirim aigne, gáifeacht a chuid éadaigh agus tráthúlacht cainte sa chaoi is go meastar anois go raibh sé ar dhuine den chéad dream a tharraing iomrá le teann margaíochta.

I measc 22 seastán taispeántais sa Seomra Fada, tá grianghraif phearsanta, ábhar cuimhneacháin, litreacha, cártaí tráchtála agus cláir amharclainne atá dírithe ar théamaí maidir le blianta múnlaitheacha thús a shaoil, na blianta a chaith Wilde ar mhór-roinn na hEorpa, spleodar agus galántacht a lucht aitheantais agus blianta deireanacha a shaoil ar deoraíocht.

Tá teacht ag an bpobal ar an ábhar seo, agus ar 100 mír eile chomh maith, lena bhreathnú mar bhailiúchán digiteach, Bailiúchán Oscar Wilde, mar chuid de Leabharlann Fhíorúil Choláiste na Tríonóide.

Áirítear i measc bhuaicphointí an taispeántais:

  • Foireann bhreá de chártaí tráchtála sármhaisithe a eascraíonn ón “gcamchuairt aeistéitice” a thug Wilde go Meiriceá sa bhliain 1882. Ní raibh Wilde le sárú maidir lena chur féin chun cinn agus ní raibh pearsa iomráiteach ar bith eile sa bhliain 1882 a raibh a aghaidh le feiceáil níos minice ná éadan Wilde ar ábhar bolscaireachta maidir le réimse fairsing earraí, todóga agus soirn cistine, nó go deimhin sciamhú brollaigh agus maisiú gnúise.
  • Litir chuig Sir John Pentland Mahaffy, (Propast Choláiste na Tríonóide tráth) a bhí ina ollamh leis an Léann Clasaiceach aige, ina dtugann sé “my first and best teacher” air agus “the scholar who showed me how to love Greek things”. Tá scigphictiúr iontach freisin, saothar líníochta le dúch i Leabhar Moltaí an Chumainn Fhealsúnachta, ina bhfeictear íde béil á thabhairt do Wilde mar gheall ar chruinniú aeistéitice i lár na hoíche.
  • Cás airgid ina gcoinníodh Wilde cártaí cuartaíochta, ar a bhfuil “For Sebastian Melmoth from Sphinx” greanta, bronntanas faoi mar a mheastar ó Ada Leverson, cara dá chuid, ar a ligean amach as Príosún Reading.
  • Admháil go bhfuarthas £25 ó More Adey, cara leis. Leis an airgead seo, cheannaigh a chuid cairde baill éadaigh, gallúnach, cumhra agus dath gruaige ionas go mbraithfeadh sé “physically cleaned of the stain and soil of prison life”.
  • Litir chorraitheach ó Wilde chuig Eliza Stannard, scríbhneoir agus cara dá chuid, a scríobh sé gairid tar éis a ligean saor as Príosún Reading i mí Bealtaine 1897. Scríobhann Wilde as óstán sa Normainn: “of course I have passed through a very terrible punishment and have suffered to the pitch of anguish and despair” agus tagraíonn dó féin leis na focail “an unworthy son”. 

Tá an taispeántas ina chuid d’Eispéireas Leabhar Cheanannais agus leanfaidh sé ar siúl go dtí an 29 Eanáir 2025. Brúigh anseo chun ticéid a chur in áirithe do gach aon taispeántas.

Deir Caoimhe Ní Ghormáin, Coimeádaí an taispeántais agus Leabharlannaí Cúnta Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath: “Cuireann go leor daoine, anall go dtí an lá atá inniu ann, spéis mhór in Oscar Wilde agus in imeachtaí a shaoil. Tá d’aidhm againn leis an taispeántas seo ceiliúradh a dhéanamh ar Wilde, an Baile Átha Cliathach agus ar Wilde, duine de na céimithe is clúití de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, trí mhíreanna sainiúla as bailiúchán Oscar Wilde a chur ar taispeáint lena n-iniúchadh sa Seomra Fada.”

Luaigh Laura Shanahan, Ceannasaí na mBailiúchán Taighde, Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath: 

“Tá tábhacht mhór le nithe éagsúla i mBailiúchán Oscar Wilde atá ar coimeád i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ina bhfuil ábhar lámhscríbhinne agus ábhar clóite; litreacha, grianghraif agus earraí suntasacha cuimhneacháin nach iad. Is í seo an t-aon chartlann amháin d’ábhar a bhaineann le Oscar Wilde atá ar coimeád i bhforas poiblí in Éirinn. Is mór an leas atá bainte ag lucht taighde, beathaisnéisithe Wilde ina measc, as an gcartlann. Tá lúcháir orainn an bailiúchán a roinnt le lucht féachana nua leis an taispeántas seo sa Seomra Fada agus leis an taispeántas ar líne."

Is athléiriú é an taispeántas seo ar thaispeántas den chineál céanna a eagraíodh sa bhliain 2017 agus cuireann sé le taispeántas eile atá ar siúl faoi láthair in Magdalen College in Ollscoil Oxford chun comóradh a dhéanamh ar chothrom 150 bliain ó ghnóthaigh Wilde céim ón gcoláiste sin.   Tugadh trí cinn de mhíreanna as bailiúchán Oscar Wilde Choláiste na Tríonóide ar iasacht le haghaidh an taispeántais in Oxford — catalóg díolacháin maidir le leabhair agus fearas tí Wilde; litir ó Wilde chuig Cyril, a mhac; agus cárta cuartaíochta ‘Sebastian Melmoth’. 

 

Media Contact:

Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551