Athainmnítear Príomh-Leabharlann Choláiste na Tríonóide in ómós do Eavan Boland, file

Posted on: 09 October 2024

Beidh Leabharlann Eavan Boland ar an gcéad fhoirgneamh ar champas Choláiste na Tríonóide i lár na cathrach a bheidh ainmnithe i ndiaidh ban.

Tá Príomh-Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath le hathainmniú i ndiaidh Eavan Boland, file. Rinne Bord na hOllscoile cinneadh ina leith sin inniu tar éis tréimhse taighde, anailíse agus comhairliúcháin phoiblí faoi mhaoirseacht Ghrúpa Oibre Choláiste na Tríonóide maidir le hAthbhreithniú Oidhreachta.

Beidh Leabharlann Eavan Boland ar an gcéad fhoirgneamh ar champas Choláiste na Tríonóide i lár na cathrach a bheidh ainmnithe i ndiaidh ban.

Woan pictured in black and white on a sofa

Bhí Eavan Boland (a fheictear sa phictiúr thíos sa bhliain 2004 tar éis do Choláiste na Tríonóide céim oinigh a bhronnadh uirthi, agus í in éineacht le Máire Mhic Róibín, iar-Shainsailéar Choláiste na Tríonóide), ar dhuine de na mná is iomráití maidir le litríocht na hÉireann agus d’fhoilsigh sí líon maith cnuasach filíochta agus cuimhní cinn faoin teideal Object Lessons (1995), chomh maith le teagasc agus léachtóireacht a dhéanamh in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe.

Two women pose in graduation robes

Socraíodh i mí Aibreáin 2023 nach mbeifí ag leanúint d’ainm George Berkeley a cheangal leis an bpríomhleabharlann ag teacht le bunluachanna na hOllscoile maidir le dínit an duine, saoirse, uilechuimsitheacht agus cothroime. Ó shin i leith, níl d’ainm á thabhairt ar an leabharlann is mó san Ollscoil ach ‘An Leabharlann’.

I mí Mheán Fómhair 2024, tar éis próiseas meastóireachta lenar bhain 855 moladh ón bpobal a thabhairt san áireamh, shainaithin an Grúpa Oibre roghanna éagsúla maidir le hainm nua na Leabharlainne agus ba é an t-ainm Leabharlann Eavan Boland an chéad rogha a bhí acusan.

I bpáipéar le Catriona Crowe, ball den Ghrúpa Oibre, luann sí gurb é an t-éacht a d’éirigh le Boland a thabhairt i gcrích ná gníomhaí a bhí ag cumadh an dáin a dhéanamh den bhean seachas í a bheith ina hábhar filíochta (bé, aisling, siombail). Scríobhann sí go mbeadh dea-cháil na filíochta, na scoláireachta agus an fheimineachais ag gabháil le hainm Eavan Boland a bheith ar fhoirgneamh atá tugtha do na daonnachtaí.

Dúirt An Dr Linda Doyle, Propast:

“Is aitheantas cuí agus cóir ar éirim na héigse in Eavan Boland a hainm a bheith le lua feasta leis an bpríomhleabharlann a úsáideann oiread sin de mhic léinn agus d’aos scoláireachta na hollscoile.

Tá eolas maith ar fhilíocht Eavan ag glúnta éagsúla agus is maith a thuigtear an cion mór tairbhe a rinne sin maidir le haird a dhíriú ar ról na mban i saol na hÉireann.

Is mian liom buíochas a ghabháil le gach duine a bhí páirteach sa phróiseas arb é cinneadh an lae inniu an toradh air. Bhí comhairliúchán fairsing agus plé rístaidéartha ina ngnéithe suntasacha den phróiseas.”

Deir an tOllamh Eoin O’Sullivan, Déan Sinsearach agus Cathaoirleach Ghrúpa Oibre Choláiste na Tríonóide maidir le hAthbhreithniú Oidhreachta: “Dua agus dúthracht cuid mhór daoine i bpobal Choláiste na Tríonóide a thug chomh fada seo muid agus luaim go háirithe na mic léinn a d’agair go raibh gá le hathrú ar ainm na Leabharlainne agus a d’oibrigh i gcomhar linn chun sin a thabhairt i gcrích.

Táthar buíoch as 855 moladh a fuarthas ó dhaoine laistigh agus lasmuigh de Choláiste na Tríonóide a bhí ina lón spreagtha maidir leis an machnamh agus an plé a rinneadh ar an ábhar.”

Trinity Library

Deir Helen Shenton, Leabharlannaí agus Cartlannaí an Choláiste i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath:

“Is gné bhuan den ollscoil iad leabharlanna ach bíonn siad de shíor ag athrú chomh maith. Tarlaíonn dul chun cinn i gcúrsaí teicneolaíochta, athruithe sa tsochaí agus forbairtí ar chúrsaí cultúir a tharraingíonn athrú dá réir ar an Leabharlann do gach glúin. Mar Leabharlann de chuid an 21ú haois, tugtar tús áite le hathrú ainm ar an bhfoirgneamh uathúil seo d’eispéireas mhic léinn na linne seo de spás leabharlainne atá fáilteach agus tacúil.

Faoin ainm nua, cuirfear spás spreagúil agus cuimsitheach ar fáil do na glúnta a thiocfaidh i mbun scoláireachta, agus borradh breise bisiúlachta anois fúthu mar gheall ar chlú Eavan Boland maidir leis an léann agus leis an bhfeimineachas.”

Ag díospóireacht faoin ainm nua a thionóil Cumann Staire na hOllscoile i mí Feabhra 2024, i gcomhar leis an nGrúpa Oibre, labhair cúigear aoichainteoirí agus cúigear mac léinn ar son deich gcinn d’ainmneacha arna roghnú ag an gcumann de réir mholtaí a tháinig isteach ón bpobal. I measc na n-ainmneacha bhí Eavan Boland, Francis Sheehy Skeffington, Paul Koralek (ailtire fhoirgneamh na Leabharlainne), Oscar Wilde agus Wolfe Tone. Dúirt Méabh Scahill, mac léinn Staire i gColáiste na Tríonóide, gur file buntábhachtach í Boland i dtraidisiún liteartha na hÉireann a raibh spás do mhná sa traidisiún sin gearrtha amach ag a cuid saothair.

* Íomhá dubh agus bán de Eavan Boland arna úsáid le caoinchead ó Joe St Leger

CRÍOCH

Media Contact:

Catherine O’Mahony | Caidreamh leis na Meáin | catherine.omahony@tcd.ie