An féidir le féinfhostaíocht moill a chur le scor? Is féidir má tá do shláinte agus saibhreas agat
Posted on: 18 November 2024
Tá féinfhostaíocht ábalta athrú gairme malartach a chur ar fáil go dtí scor, ach sin dóibhsean amháin a bhfuil dea-shláinte agus gairmeacha ar phá ard acu, de réir taighde a rinne Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide.
Roghnaíonn daoine a bhfuil gairmeacha neamhsheasmhacha acu ar phá íseal, áfach, díreach dul ar scor, de réir an staidéir a foilsíodh sa Cambridge Journal of Economics.
Rinneadh scrúdú sa staidéar ar cibé an gcabhraíonn féinfhostaíocht leis an mbearna scoir a dhúnadh i measc daoine os cionn 50 bliain d'aois nó nach gcabhraíonn. Bhain sé leas as agallaimh a cuireadh ar 123,000 duine 50 bliain d'aois i 21 tír san Eoraip, Éire, an Fhrainc, an Ríocht Aontaithe agus an tSualainn ina measc (an tionscadal SHARE - Suirbhé ar Shláinte, Aosú agus Scor san Eoraip).
Tagann an staidéar tráth a bhfuil brú ag leanúint de bheith ag géarú ar lucht déanta beartas aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le daonraí atá ag maireachtáil níos faide agus le leibhéil fostaíochta easnamhacha in aois níos sine. Tá féinfhostaíocht luaite mar rogha inmharthana chun daoine a spreagadh leanúint ar aghaidh ag obair agus iad níos sine.
Na Príomhthorthaí:
- Bhí dea-shláinte agus ionchais mhaithe fostaíochta ag na daoine os cionn 50 bliain d’aois a d’aistrigh ó fhostaíocht a raibh pá ag gabhail léi chuig féinfhostaíocht.
- Fuarthas amach, san am céanna, gur lú i bhfad an seans go n-aistreodh daoine os cionn 50 bliain d’aois a bhfuil gairmeacha neamhsheasmhacha ar phá íseal acu go féinfhostaíocht.
- Bhain aistrithe chuig féinfhostaíocht le cúinsí dearfacha amháin.
Rinne an tOllamh Comhlach, Martha O'Hagan, agus an Comhalta Taighde Sinsearach, an Dr André van Stel, i Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide an staidéar i gcomhar leis an Dr Brigitte Hoogendoorn agus Sanaz Ramezani ó Ollscoil Erasmus Rotterdam.
Mhínigh an tOllamh O’Hagan an méid sin: “Léirítear lenár dtaighde go raibh sé de rogha ag go leor díobhsan a d'aistrigh ó fhostaíocht a raibh pá ag gabháil léi go féinfhostaíocht leanúint den fhostaíocht nó aistriú go post eile a raibh pá i gceist leis. Is é sin le rá gur dócha go bhféadfadh na daoine sin a d’aistrigh chuig an bhféinfhostaíocht aois scoir ard a bhaint amach agus iad ag obair i bhfostaíocht a raibh pá ag gabháil léi freisin.
“De réir mar a leanann an t-ionchas saoil de bheith ag ardú ar fud an Aontais Eorpaigh, tá brú níos mó ag teacht ar chórais phinsin, agus leagtar béim níos mó ar fhostaíocht ghníomhach a leathnú go haoiseanna níos sine. Sa chomhthéacs sin, tá aird tarraingthe ar fhéinfhostaíocht i measc oibrithe scothaosta mar réiteach féideartha chun síneadh a chur leis an saol oibre agus deiseanna a chur ar fáil dóibhsean a bhfuil idirdhealú a bhaineann le haois ag bagairt orthu.
“Tugann ár dtorthaí le fios freisin, cé gur féidir leis an bhféinfhostaíocht a bheith ina bealach i dtreo an scoir, gur lú i bhfad an teacht atá ag oibrithe ar phá éiginnte ar an mbealach sin i gcomparáid leosan a bhfuil poist ar phá níos airde acu, ar poist iad atá níos daingne. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé nach sroichfeadh aon tacaíocht rialtais atá dírithe ar fhiontraíocht shinsearach a chur chun cinn na daoine aonair ar ceapadh í chun cabhrú leo.”
“Tugtar le fios sa taighde, cé go ndéanfaidh daoine a bhfuil gairmeacha éiginnte acu iarracht ghníomhach feabhas a chur ar a staid fostaíochta, nach smaoineoidh siad ach ar aistriú chuig post eile a bhfuil pá i gceist leis mar rogha réalaíoch chun an sprioc sin a bhaint amach, seachas aistriú chuig an bhféinfhostaíocht.
Cúis amháin a d’fhéadfadh a bheith leis an drogall atá ar oibrithe níos sine a fhaigheann pá agus atá i ndálaí fostaíochta éiginnte aistriú dá ndeoin féin chuig an bhféinfhostaíocht ná nach bhfuil siad ag iarraidh stop a chur lena gceart sochar dífhostaíochta a fháil ar fhaitíos go dteipfeadh ar a ngnó. I roinnt mhaith tíortha, ní cheadaítear do dhaoine féinfhostaithe páirt a ghlacadh i gcomhchórais árachais dífhostaíochta, agus is minic a bhíonn an t-árachas dífhostaíochta príobháideach róchostasach.”
Foilsíodh an páipéar, ‘Does self-employment provide a bridge to retirement?’, sa Cambridge Journal of Economics, agus is féidir teacht air anseo.
Bhain an staidéar seo leas as sonraí ón tionscadal Suirbhé ar Shláinte, Aosú agus Scor san Eoraip (SHARE), a rinne agallaimh le 123,000 duine a bhí 50 bliain d’aois agus a gcéilí ar fud 21 thír san Eoraip in 2005, 2007, 2009, 2011, 2013 agus 2015, ag bailiú sonraí faoi shláinte, fostaíocht, stádas socheacnamaíoch, líonraí sóisialta agus tosca déimeagrafacha eile. Tá níos mó eolais ar fáil anseo: https://share-eric.eu/
Media Contact:
Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551