An chéad chruinniú ag Tascfhórsa nua de chuid Choláiste na Tríonóide le tionól an 22 Samhain
Posted on: 06 November 2024
Beidh 26 comhalta (tugtar liosta thíos) ar an Tascfhórsa, triúr ina measc arna n-ainmniú ag Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide, beirt arna n-ainmniú ag Lár-Choiste na gCumann agus ceathrar arna n-ainmniú ag Grúpa na gCeardchumann.
Tar éis do Bhord agus do Chomhairle na hOllscoile na téarmaí tagartha a aontú, beidh an chéad chruinniú de Thascfhórsa Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar Naisc Idirnáisiúnta Acadúla agus Institiúideacha agus ar Ábhair Ghaolmhara á thionól an 22 Samhain 2024.
Tá glactha ag Mary Irvine, iar-Uachtarán na hArd-Chúirte a rinne fónamh ina breitheamh ar an Ard-Chúirt, ar an gCúirt Achomhairc agus ar an gCúirt Uachtarach, le ról Chathaoirleach an Tascfhórsa.
Beidh 26 comhalta (tugtar liosta thíos) ar an Tascfhórsa, triúr ina measc arna n-ainmniú ag Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide, beirt arna n-ainmniú ag Lár-Choiste na gCumann agus ceathrar arna n-ainmniú ag Grúpa na gCeardchumann.
Deir Mary Irvine: “I gcás institiúid de leithéid Choláiste na Tríonóide atá gníomhach ar fud an domhain agus ar féidir léi, nó ar gá di, naisc a chothú ar fud an domhain, is stuama agus is tábhachtach smaoineamh ar bhealach foirmeálta ar na téarmaí faoina gcuirtear naisc den sórt sin ar bun. Táim ag tnúth go mór le mo ról i mo Chathaoirleach ar an Tascfhórsa tráthúil seo agus leis an bplé a dtabharfaidh an grúpa faoi.”
Feidhmeoidh an Tascfhórsa taobh istigh de struchtúir fhoirmeálta an Choláiste ó tharla go mbeidh gá moltaí a dhéanamh leis na Príomhchoistí lena mbaineann, leis an gComhairle agus leis an mBord, de réir mar is cuí, agus sin i gcomhréir le gnóthaí rialachais na hOllscoile.
Déanfaidh an Tascfhórsa:
- díriú ar na ceisteanna a luaitear sa ráiteas réitigh (8 Bealtaine) a d’eascair ón agóid campála maidir leis an gcoimhlint in Gaza, trí phrionsabail eitice a leagan amach chun lón eolais a chur ar fáil do naisc agus do mhalartuithe san am atá romhainn idir Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus institiúidí ardoideachais agus fiontair thráchtála i ndlínsí ina dtarlaíonn coimhlint armtha agus / nó ina dtarlaíonn sárú ar an dlí idirnáisiúnta;
- an t-idirghníomhú idir saoirse acadúil an duine aonair agus neamhspleáchas institiúideach i gColáiste na Tríonóide a mheas;
- a mheas ar cheart do Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ráiteas oifigiúil institiúideach a eisiúint faoi cheisteanna a bhfuil suntas sóisialta, cultúir agus polaitíochta leo;
- a mheas conas tacú níos fearr le heasaontú tairbheach agus le héagsúlacht tuairimí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Beidh aighneachtaí á lorg ag an Tascfhórsa ó phobal an Choláiste faoi na ceisteanna seo, eiseofar cuireadh chun cur i láthair a dhéanamh mar lón eolais do phlé an choiste agus cuirfear moltaí faoi bhráid an Bhoird agus na Comhairle faoi thorthaí an phlé.
Beidh comhaltaí an Tascfhórsa mar seo a leanas:
Cathaoirleach:
Mary Irvine
Rúnaíocht:
An Déan Sinsearach
Rúnaí an Choláiste / An Stiúrthóir Rialachais (nó ainmní dá gcuid)
Baill
Triúr ball arna n-ainmniú ag Uachtarán Aontas Mac Léinn Choláiste na Tríonóide
Beirt bhall arna n-ainmniú ag Cathaoirleach Lár-Choiste na gCumann
Grúpa na gCeardchumann (Cónaidhm Éireannach na Múinteoirí Ollscoile, an Ceardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil, UNITE, Ceardchumainn Cheardaithe): ceathrar ball le hainmniú
An Leas-Phropast & an Príomh-Oifigeach Acadúil (nó ainmní dá gcuid)
An Príomh-Oifigeach Oibriúcháin (nó ainmní dá gcuid)
An Leas-Uachtarán don Rannpháirtíocht Dhomhanda (nó ainmní dá gcuid)
Cathaoirleach na gComhaltaí (nó ainmní dá gcuid)
An Stiúrthóir Acmhainní Daonna (nó ainmní dá gcuid)
An Leabharlannaí agus Cartlannaí an Choláiste (nó ainmní dá gcuid)
An Déan Taighde (nó ainmní dá gcuid)
An Leas-Phropast Comhlach don Chomhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú (nó ainmní dá gcuid)
Déan Dhámh Dámh na nEalaíon, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta (nó ainmní dá gcuid)
Déan Dhámh na nEolaíochtí Sláinte (nó ainmní dá gcuid)
Déan Dhámh na hEolaíochta, na Teicneolaíochta, na hInnealtóireachta agus na Matamaitice (nó ainmní dá gcuid)
An Príomhoifigeach Nuálaíochta agus Fiontraíochta (nó ainmní dá gcuid)
An Príomhoifigeach Airgeadais (nó ainmní dá gcuid)
An Príomhoifigeach Foráis (nó ainmní dá gcuid)
Triúr Ball Seachtracha / Inmheánacha arna n-ainmniú ag Cathaoirleach Bhord an Choláiste
Nóta: Ní mór don Chathaoirleach ainmniúchán a dhéanann Oifigeach Coláiste a fhaomhadh. Beidh an té a ainmníonn Oifigeach Coláiste ar an Tascfhórsa a fhaid a leanann an Tascfhórsa i bhfeidhm.