Céim onórach de chuid Choláiste na Tríonóide bronnta ar Ian Robertson, Néareolaí

Posted on: 29 November 2024

Bhronn an Seansailéir, an Dr Máire Mhic Ghiolla Íosa, an gradam is airde atá le bronnadh ag Coláiste na Tríonóide ar an Ollamh Ian Robertson, néareolaí, ar John Feehan, geolaí, agus ar Catherine Day, Ard-Rúnaí Choimisiún na hEorpa tráth, ag searmanas arna riar i Laidin sa Téatar Poiblí.

Bronnadh céimeanna onóracha de chuid Ollscoil Átha Cliath ar thriúr ar leith i gColáiste na Tríonóide inniu [an 29 Samhain 2024].   

Bhronn an Seansailéir, an Dr Máire Mhic Ghiolla Íosa, an gradam is airde atá le bronnadh ag Coláiste na Tríonóide ar an Ollamh Ian Robertson, néareolaí, ar John Feehan, geolaí, agus ar Catherine Day, Ard-Rúnaí Choimisiún na hEorpa tráth, ag searmanas arna riar i Laidin sa Téatar Poiblí. 

Honorary degrees Nov 2024

 Breis eolais faoin lucht gradaim:   

Catherine Day (Dochtúir le Dlí) 

Tá cion mór tairbhe déanta ag Catherine Day don Eoraip agus do mhuintir na hEorpa agus d’Éirinn agus do mhuintir na hÉireann. Chuaigh sí ag obair leis an gCoimisiún Eorpach ar dtús sa bhliain 1979, ag obair leis an gCoimisinéir Richard Burke agus leis an gCoimisinéir Peter Sutherland sula ndeachaigh sí i mbun dualgais ina Leas-Cheann Caibinéid leis an gCoimisinéir Leon Brittain (in Ard-Stiúrthóireacht (AS) na hIomaíochta ar dtús agus ansin in AS na nGnóthaí Eacnamaíochta Eachtracha agus an Bheartais Thrádála). Rinne sí fónamh ar feadh téarmaí éagsúla ina Leas-Stiúrthóir ar an AS um Chaidreamh Eachtrach agus í freagrach as an gcaidreamh le stáit na mBalcán agus leis an Rúis. Ina hArd-Stiúrthóir di ar AS an Chomhshaoil, bhí sí i gceannas ar reachtaíocht REACH a thabhairt chun cinn atá dírithe ar shláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ó éifeacht ceimiceán agus ar an mbeartas maidir leis an aeráid agus le fuinneamh inathnuaite. Bhí dlúthbhaint aici le fairsingiú an AE ó 15 ballstát go dtí 27 ballstát an lae inniu.  

Woman in pink robes

Rinne Catherine cathaoirleacht ar na Coistí Comhlachais le tíortha iarrthóireachta agus bhí sí ar dhuine de na daoine a leag amach an próiseas réamhaontachais. Ba ríshuntasach sa bhliain 2005 a ceapadh ina hArd-Rúnaí ar an gCoimisiún Eorpach go hiomlán í. Bhí sí, i mbun an róil sin di, ar an Státseirbhíseach ba shinsearaí sa Choimisiún Eorpach - an chéad bhean i bpost chomh mór le rá - agus d’fhan sí ag fónamh sa phost sin go ceann deich mbliana nuair a chuaigh sí ar scor. “Catherine Day and Night” an leasainm ceanúil a bhíodh ag a cuid comhghleacaithe uirthi agus í ag saothrú gan scíth ar son an Aontais Eorpaigh agus ar son na hEorpa go ginearálta ar cheisteanna go minic a bhí anróiteach conspóideach, ina measc géarchéim an Euro agus cainteanna casta faoi bhuiséad an AE. 

Ar fhilleadh go hÉirinn di tar éis dul ar scor, ghlac sí róil éagsúla uirthi féin go deonach inar mór an fiúntas a bhí lena cuid taithí agus a cuid saineolais, mar shampla Cathaoirleach Údarás Rialachais Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Cathaoirleach Bhord Iontaobhaithe leabharlann Chester Beatty, Cathaoirleach ar an ngrúpa athbhreithnithe neamhspleách maidir le ról na n-eagraíochtaí deonacha sna seirbhísí sláinte le maoiniú poiblí in Éirinn, Cathaoirleach ar an nGrúpa Saineolaithe maidir le Soláthar Díreach, agus Cathaoirleach ar an Tionól Saoránach maidir le Comhionannas Inscne. 

Is léir oiread agus leanúnachas a cuid dúthrachta maidir leis an Eoraip ar a cuid oibre ina comhalta faoi láthair ar an gComhairle Straitéise ag Coiste Beartais na hEorpa ar a dtugtar le chéile ceannairí agus saineolaithe d’fhonn ábhar léargais agus dearcadh chun cinn a chur ar fáil faoi na réimsí móra dúshláin atá roimh an AE. Tá sí ina comhalta freisin ar bhord Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn agus ar bhord na hInstitiúide Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha, meitheal mhachnaimh maidir le cúrsaí beartais in Éirinn atá dírithe ar threochtaí beartais Eorpacha agus idirnáisiúnta. 

Is iomaí gradam a bronnadh ar Catherine Day – gradaim náisiúnta agus idirnáisiúnta, ina measc Gradam an Ardoifigigh in Ord Leopold, Gradam Scothsheirbhíse Uachtarán na hÉireann, Bonn Óir Ghearóid Mhic Gearailt maidir leis an gCaidreamh Idirnáisiúnta, Bonn Lá Bunaithe Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, comhaltacht in Acadamh Ríoga na hÉireann agus an Gradam do Mhná a Dhéanann Difríocht ó Fhóram Idirnáisiúnta na mBan sa bhliain 2022. 

Bhí agus tá, gan aon agó, buntáiste ag an Eoraip agus ag Éirinn ón gcion tairbhe a rinne Catherine Day gan scíth gan staonadh agus a leanann sí a dhéanamh ar mhaithe leis an uile dhuine. 

Mhol Anna Chahoud, an tÓráidí Poiblí, Catherine Day arna rá gur “bean ise a spreag sinne, Éireannaigh agus Eorpaigh, le sármheon i leith dualgais, an chirt agus athbheochana ...Tá lorg fágtha ar an stair ag a cuid tionscóireachta agus an acmhainn dul i bhfeidhm, an cumas léargas polaitíochta a oibriú ar mhaoirseacht riarthóireachta, a cuid inniúlachta déileáil le daoine agus le fadhbanna (géarchéim mhór na linne san áireamh).”  

John Feehan (Dochtúir le hEolaíocht) 

Áirítear John Feehan i measc shárgheolaithe agus shárluibheolaithe na hÉireann agus ar na hurlabhraithe, na húdair agus na craoltóirí is fearr maidir le cúrsaí timpeallachta. Tá clú faoi leith air maidir le ‘tírdhreach na hÉireann a mheas’, cumas ba chúis le gradaim éagsúla chraoltóireachta a bhronnadh air. Cothaíonn sé caidreamh le lucht talmhaíochta agus tionsclaíochta d’fhonn cur leis an meas agus an tuiscint ar an mbithéagsúlacht agus straitéisí caomhnúcháin agus athchóiriúcháin a thabhairt chun cinn. 

Man in robes

Bhí sé tamall maith de bhlianta ina léachtóir i Scoil na Talmhaíochta agus Eolaíocht an Bhia i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus is iontach an teist atá ar an obair taighde agus teagaisc atá déanta aige (ionas gur toghadh ina chomhalta d’Acadamh Ríoga na hÉireann é). Nuair a bhí taighde ar bun aige mar shampla i rith na 1970idí ar ghnéithe stratagrafaíochta agus pailé-ointeolaíochta na ré Pailéasóiche Íochtair in Éirinn, tháinig sé ar na hiontaisí planda soithíoch atá go dtí an lá atá inniu ann ar roinnt den chuid is sine dá bhfuil ar eolas, rud a thug le tuiscint go ndearna plandaí uaisle coilíniú ar réimsí talún ar a laghad 415 milliún bliain ó shin agus chuir sin síneadh le stair na bplandaí soithíocha siar go dtí an Meánré Shiolúrach, i bhfad níos luaithe ná mar a bhí á cheapadh go dtí sin, agus tharraing a chuid saothair ina leith sin aird mhór go hidirnáisiúnta. Tá leabhair éagsúla foilsithe aige i réimsí éagsúla. 

Ag eascairt óna chuid léargais mar gheall ar an saothar seo, bhí tionchar mór aige ar athchóiriú réimsí portaigh agus ar an mbainistíocht ina leith agus tá obair déanta freisin aige ar láithreacha mianadóireachta agus cairéalachta, agus bhí páirt mhór aige i gcuidiú le lucht thionscal eastósctha na hÉireann cloí le sárchleachtas comhshaoil na hEorpa.  

Seasann sé go tréan ar son córas talmhaíochta atá bunaithe ar an bpobal agus feirmeoireacht mheasctha chomhtháite ionas go mbaintear an tairbhe is fearr as ‘caipiteal nádúrtha’ na talún agus go gcothaítear pobal na tuaithe. Idir na blianta 1992 agus 2008, d’oibrigh John i gcomhar le Bord na Móna maidir le hoidhreacht phortaigh na hÉireann. Tá prionsabail leagtha amach aige maidir le hathchóiriú ar phortaigh na tíre tar éis bhaint na móna, le béim ar an acmhainn bithéagsúlachta a ghabhann leo agus ar an tsócmhainn taitneamhachta a bhaineann leo do mhuintir na háite. Le blianta beaga anuas, tá aird níos mó tugtha aige ar an gcumar idir creideamh agus eolaíocht, ar ábhar machnaimh maidir leis an dúlra agus cruthú, agus ar acmhainn cumais an duine agus an domhan ar a gcónaímid uile. Tar éis dul ar scor dó, leanann sé den teagasc agus den scríbhneoireacht, agus bíonn sé páirteach sa chaidreamh seachtrach ar gach leibhéal: scoileanna samhraidh, cúrsaí ar an láthair agus cláir iarchéime. Tá gradaim buaite aige freisin as an obair chumarsáide maidir le cúrsaí timpeallachta agus é tugtha go mór don bhithéagsúlacht agus don oidhreacht cultúir faoin tuath a chaomhnú agus do mhuintir na tíre a chothú.  

Idir na blianta 1986 agus 1990, ba é a scríobh agus a chuir i láthair na sraitheanna teilifíse Exploring the Landscape agus Exploring the Celtic Lands, arna léiriú ag Éamon de Buitléar agus arna stiúradh ag Paddy Breathnach.  Bronnadh Gradam Teilifíse Jacob air sa bhliain 1988.  

Bhronn an Institiúid um Bainistíocht Uisce agus an Chomhshaoil an Dámhachtain Fiúntais Comhshaoil air as ucht a chuid oibre maidir le cúrsaí timpeallachta agus an ról a bhí aige maidir le haird an phobail a tharraingt ar an tábhacht atá leis an oidhreacht chomhshaoil. Bhronn Bord na Móna gradam speisialta air as a chuid oibre ag cur meon tairbheach i leith na timpeallachta in iúl. Ar an mbeart is deireanaí dá chuid, chuir sé tús i rith ghéarchéim Covid-19 le sraith leanúnach físeán ar YouTube faoi bhláthanna fiáine na hÉireann (an cúigiú séasúr ar siúl faoi láthair) agus forás i gcónaí ar an lucht féachana atá á tharraingt aige. 

Thug Anna Chahoud, an tÓráidí Poiblí, “mínitheoir spreagúil ar thírdhreach na hÉireann agus ar ‘an Apacailipsis eile, Beatha ar Domhan” ar John Feehan. Chuir sí leis sin: “Thug sé na cianta cairbreacha sinn siar san am atá caite ag cur leis an eolas ar an domhan seo. Ach tá a chroí agus a anam dírithe go daingean ar an am atá i ndán, é ag éileamh go gcaomhnófaí an dúlra agus go gcuirfí an bhithéagsúlacht ar ais i mbarr a maitheasa.” 

Ian Robertson (Dochtúir Leighis agus Dochtúir le hEolaíocht)  

Néareolaí agus síceolaí de scoth an domhain é an tOllamh Ian H. Robertson ar díol suntais an tionchar sóisialta ollmhór atá ag a chuid saothair agus ar teist ar a chuid díograise maidir le heolas agus modhanna nua an ardchéim a cheapann lucht néareolaíochta na linne leis.  Comhartha amháin ar shárfheabhas a ré gairme i mbun an léinn gurbh é an chéad síceolaí riamh in Éirinn é a toghadh ina chomhalta d’Acadamh Ríoga na hÉireann.  

Rinne an tOllamh Robertson fónamh ina Ollamh Síceolaíochta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus ina Ollamh Cuairte in University College London, Ollscoil Bheannchair, Ollscoil na Breataine Bige agus ina Eolaí Cúnta ag Institiúid Taighde Rotman in Ollscoil Toronto. Roimhe sin, bhí sé ina eolaí sinsearach leis an MRC Cognition and Brain Sciences Unit san University of Cambridge agus ina chomhalta freisin i Hughes Hall College. Is fianaise breise ar a oiread a théann a chuid oibre i bhfeidhm ar shaothrú na néareolaíochta agus na síceolaíochta os cionn 600 foilseachán dá chuid, idir leabhair agus ailt in irisí gradamacha eolaíochta de leithéid Nature, Brain, Journal of Neuroscience agus Psychological Bulletin

Man in robes

Tá athrú ó bhonn curtha ag saothar ceannródaíochta an Oll. Robertson maidir lena chuid taighde agus maidir le straitéisí nua athshlánúcháin a leagan amach, lena n-áirítear traenáil le gníomhachtúchán na ngéag, traenáil maidir le haird leanúnach agus traenáil féinfholáirimh, ar athshlánú cognaíochta. Bhí an saothar úrnua a rinne sé ar Thraenáil maidir le Bainistíocht Spriocanna cinniúnach i ndáil leis an mbainistíocht ar lagú maotháin tosaigh. Tá an cur chuige teoiriciúil maidir le hathshlánú cognaíochta agus na bearta tástála airde a chuir sé chun cinn agus a mbaintear leas go forleathan astu, ina mbonnchlocha maidir leis an réimse sin den léann. Tugann a chuid saothair léargas rífhiúntach maidir leis an bhfeidhm chognaíochta a fhorfheabhsú, cur le caighdeán an tsaoil, agus neamhspleáchas a chruthú do dhaoine atá ag streachailt le lagú néareolaíochta agus cognaíochta.  

Téann a chuid saothair i bhfeidhm chomh mór agus chomh fairsing mar gheall go bhfuil leabhair scríofa aige atá docht daingean ó thaobh na heolaíochta an tráth céanna a bhfuil siad soléite ag daoine nach de lucht na heolaíochta iad féin, mar shampla The Winner Effect (2012), The Stress Test (2016) agus How Confidence Works (2021). 

Ó thaobh Choláiste na Tríonóide de, is díol suntais nach é amháin go raibh an tOllamh Robertson ina Dhéan Taighde ach gurbh é an Stiúrthóir é a chuir ar bun Institiúid Néareolaíochta Choláiste na Tríonóide agus an stiúrthóir a bhunaigh Institiúid Dhomhanda na Sláinte Inchinne (GBHI).  

Tá GBHI le háireamh ar an tabhartas daonchairdis is mó a tugadh riamh do Choláiste na Tríonóide. Is léiriú an beart sin amháin ar chumas neamhchoitianta an Oll. Robertson buntáiste a bhaint as a chuid saineolais agus a chuid léargais le hinstitiúidí a chur ar bun a théann i bhfeidhm go mór ar shaol an duine, ar chúrsaí cultúir agus ar an tsochaí shibhialta. Go deimhin, is díol suntais i ndáil leis sin gurb é an tOllamh Robertson ón mbliain 2016 i leith Mór-Eolaí T Boone Pickens ag an Centre for Brainhealth in Ollscoil Texas, Dallas. Is ríthráthúil an t-aitheantas seo dá bhfuil bainte amach ag an Ollamh Robertson i bhfianaise ghéire na gceisteanna agus na réimsí dúshláin atá le sárú sa lá atá inniu ann maidir le cúram sláinte, néareolaíocht agus athshlánú cognaíochta. Tráth ar mó den daonra atá ag dul in aois agus níos mó imní á dhéanamh den tsláinte mheabhrach agus de shláinte inchinne, tá tábhacht ar leith lena chuid oibre faoi láthair. Tá a chuid dúthrachta maidir le heolas a thabhairt chun cinn agus feabhas a chur ar an saol ag daoine a bhfuil deacrachtaí cognaíochta le sárú acu ag teacht go díreach le haidhmeanna agus meon Choláiste na Tríonóide. 

An tráth céanna a bhfuil Dochtúireacht Onórach le hEolaíocht á bronnadh ar an Ollamh Robertson - le haitheantas a thabhairt don mhéid atá bainte amach aige - tá céim onórach Dhochtúir Leighis á bronnadh air freisin.  Cé nach bhfuil an gradam céanna leis an gcéim sin atá le Dochtúireacht Ardchéime, tá sí le háireamh ar na céimeanna is sine de chuid Choláiste na Tríonóide, í á lua den chéad uair i Reachtanna na bliana 1614.  Tá suntas ó thaobh siombalachais dá bhrí sin leis an Ollamh Robertson a cheangal leis an gcéim sin.  

Is é an cur síos a thug Anna Chahoud, Óráidí Poiblí, ar Ian Robertson gurb eisean “an té a mhúin dúinn an mheabhair agus an inchinn ‘a chur i dtiúin’ sa chaoi is gur sona agus gur folláine an saol a bhíonn againn”. Rinne sí comóradh ar “a dhea-thréithe agus a chuid ionracais, a chuid gnaíúlachta agus scópúlachta, a chuid modhanna éifeachtúla i mbun obair clinice agus an dea-thoradh a bhí aige ar shaol mhuintir na hÉireann” agus luaigh go “meabhraíonn an cumasc a chruthaigh sé go sainiúil idir teoiricíocht faoin néareolaíocht chognaíochta agus an saothrú clinice gur le réimse na fealsúnachta nádúrtha a cheaptaí eagna an leighis ar dtús agus go bhfuil, dá réir sin, céimníocht sa dá réimse, an Eolaíocht agus an Leigheas, dá shuntasaí a leithéid, tuillte go mór ina chás-san.” 

Media Contact:

Catherine O’Mahony | Media Relations | catherine.omahony@tcd.ie