Baile

Ár gCur Chuige

Cuirtear cúnamh agus treoir ar fáil don uile dhuine de lucht nuálaíochta na hOllscoile d'fhonn cuidiú leo ábhar a gcuid smaointeoireachta a chur i gcrích. Is féidir na bearta cúnta a chuirtear ar fáil don mhac léinn agus do lucht léinn an Choláiste a fhiosrú ar an suíomh gréasáin seo.

Cothaítear deiseanna comhpháirtíochta do lucht fiontraíochta ar fud réimsí éagsúla lena n-áirítear comhar taighde, ceadúnú teicneolaíochta, cláir oideachais, cláir luathaithe, forbairt taighde dírithe ar an margadh i ndáil le teicneolaíocht na foghlama, comhairleoireacht, agus an deis oibriú le hiarchéimithe cumasacha dochtúireachta.

Oibriú i gComhar le Coláiste na Tríonóide

Fiosraigh na tacaíochtaí atá ar fáil

Explore

Do Lucht Nuálaíochta Choláiste na Tríonóide

Fiosraigh deiseanna féideartha chun dul i mbun comhpháirtíochta

Explore

Súil chun Cinn

Tá dhá thionscnamh spreagúla gaolmhara beartaithe ag Nuálaíocht & Fiontraíocht Choláiste na Tríonóide sna míonna seo romhainn amach.

  • I Ráithe 1 2025, seolfaidh Coláiste na Tríonóide mol nuálaíochta de scoth na linne ar Champas Thoir Choláiste na Tríonóide. Beidh fáilte san ionad sin roimh chomhpháirtithe fiontraíochta ionas gur féidir leo bonn treise a chur faoina gcuid beartaíochta taobh istigh de mhórchóras sainiúil Choláiste na Tríonóide.
  • Ar an gcuma chéanna, tá pobal comhair á chur ar bun ag an Ollscoil a bhféadfaidh fiontar seachtrach a bheith ina bhall de. Cruthófar leis an bpobal sin slite spéisiúla inar féidir ceangal a chothú le pobal Choláiste na Tríonóide. Táthar ag obair lenár bpáirtithe leasmhara faoi láthair ar fhorbairt na samhla seo.

Gheofar an scéal is deireanaí faoin dá thionscnamh sin ach súil a choinneáil ar chainéil Choláiste na Tríonóide ar na meáin shóisialta agus ar na scéalta nuachta ar an suíomh gréasáin seo.