Clár Athnuachana Iarchéime

Táthar ag tosú ar an tríú bliain den obair ar an gClár Athnuachana Iarchéime. I bhfianaise a raibh d’athrú á bheartú do na cúrsaí iarchéime, briseadh an clár oibre síos ina thrí raon. Soiléiriú agus Simpliú maidir le roinnt dár phríomhghníomhaíochtaí ar díríodh orthu i Raon 1 (féach an leathanach You Said, We Did). Áirítear ar na buaicphointí seoladh Ghradaim Dhochtúireachta Taighde Choláiste na Tríonóide agus an chéad Chomhaontú Maoirseoir - Mac Léinn Taighde ag Coláiste na Tríonóide a bhfuil tástáil phíolótach á déanamh air faoi láthair.

I Raon 2, bhí sé d’aidhm againn Feabhas a chur ar na próisis agus ar na gníomhaíochtaí ionas gur fearr an t-eispéireas a bheadh ag an mac léinn agus an ball foirne agus gur féidir an fhís a thabhairt i gcrích maidir le timpeallacht spreagúil, chuimsitheach, inbhuanaithe a chur ar fáil ina dtagann an intinn fhiosrach agus an smaointeoireacht chruthaitheach i mbarr réime. Bíonn am i gceist le feabhas a chur ar phróisis agus ar ghníomhaíochtaí ós gá a chinntiú go dtuigtear na saincheisteanna ábhartha, pleanáil a dhéanamh don athrú éifeachtúil agus aon athrú a thugtar isteach a chur i bhfeidhm agus athbhreithniú a dhéanamh air. Tá Modh Oibre leagtha amach againn mar threoir ina leith seo. Leagtar béim mhór ar ghníomhaíochtaí na mac léinn taighde, ar na bealaí ina ndéantar mic léinn a earcú, ina dtugtar tacaíocht dóibh agus ina ndéantar monatóireacht agus stiúradh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh acu. Tá Treoirphlean Choláiste na Tríonóide á leagan amach againn freisin maidir le hoideachas iarchéime Trí ‘I’, ionas go gcinntítear deis do gach mac léinn iarchéime taithí Idirdhisciplíneach, Idirearnálach agus Idirnáisiúnta a bheith acu. Leanfar de thástáil a dhéanamh ar smaointe agus ar thionscnaimh éagsúla ó Raon 1 agus Raon 2 agus rachfar i dteagmháil le baill foirne agus le mic léinn chun bhur gcuid aiseolais a fháil. Bíonn fáilte freisin roimh bhur gcuid tuairimí ag am ar bith. Cuir in iúl do chuid smaointe, na nithe is mó a chuireann as duit, agus na rudaí is fearr a tharla duit. Is mian linn a chinntiú nach gcuireann athruithe a dhéantar isteach ar nithe a bhfuil ag éirí go maith leo agus arb é leas an uile dhuine iad. Is féidir do chuid moltaí a sheoladh chuig pgrenewal@tcd.ie, beidh fáilte rompu!

Ní neart go cur le chéile.