Fáilte

Tá Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar an bpríomhollscoil in Éirinn, ollscoil stairiúil a bhfuil dea-cháil uirthi maidir le sárfheabhas oideachais agus taighde. Cé go bhfuil stair níos mó ná ceithre chéad bliain ag baint leis an gcampas, tá áiseanna agus institiúidí taighde an Choláiste ar shárchaighdeán an aonú céad agus fiche.

Tá clú ar obair thaighde na hollscoile i réimsí na nEolaíochtaí, an Leighis, na hInnealtóireachta, na nEalaíon agus na nDaonnachtaí – raon leathan a bhaineann freisin leis na cúrsaí teagaisc iarchéime agus leis na deiseanna taighde ar leibhéal Máistreachta nó Dochtúireachta.

Is ollscoil idirnáisiúnta í seo ina bhfáiltítear roimh iarratais ó mhic léinn ionchais iarchéime as áit ar bith ar domhan.

Táim ag tnúth le fáilte a chur romhat le tabhairt faoi staidéar iarchéime anseo i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

An tOllamh Martine Smith
Déan an Léinn Iarchéime

Is Comhalta de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (2010) í an tOllamh Martine Smith, PhD a bhí ina Ceann ar Dhisciplín an Staidéir Chliniciúil ar Urlabhra agus Teanga agus ina Ceann ar Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide. Bíonn a cuid taighde agus teagaisc dírithe ar laguithe forbartha urlabhra, teanga, agus cumarsáide, ar chumarsáid bhreisitheach agus mhalartach (AAC) agus ar an tionchar a bhíonn ag lagú géar cumarsáide ar an rannpháirtíocht shóisialta agus ar an bhféiniúlacht. Tá sí bainteach le comhar taighde idirnáisiúnta éagsúil, lena n-áirítear tionscnamh ilsuímh dar teideal Becoming an Aided Communicator faoina bhfuil cíoradh á dhéanamh ar an mbealach ina sealbhaíonn leanaí teanga trí chumarsáid chuidithe a úsáid.

Más mian leat coinne a shocrú leis an Déan, déan teagmháil le dgsappointments@tcd.ie le do thoil.