Scéim Cónaithe na Chéad Bhliana i Halla na Tríonóide
Tá próiseas iarratais do Scéim Cónaithe na Céad Bhliana 2024-25 oscailte faoi láthair.
Is do mhic léinn céad bhliana an Scéim seo. Cuirtear an chóiríocht ar fáil in árasáin Ghaeilge i Halla na Tríonóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6 mar aon le deontas €1,000 do gach mac léinn a ghlacann páirt sa Scéim.
Fáiltítear roimh mhic léinn a bheidh sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2024 iarratas a dhéanamh tríd an fhoirm iarratais thíos a íoslódáil agus a líonadh. Tá an Scéim Cónaithe oscailte do mhic léinn ó mhórthimpeall na hÉireann agus thar lear atá líofa sa Ghaeilge agus a bhfuil fonn orthu í a labhairt go laethúil. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir glacadh le hiarratais ó dhaoine a bhfuil cónaí orthu laistigh de mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.
Léigh an t-eolas ar an leathanach seo go cúramach agus ansin cliceáil ar an nasc thíos chun an fhoirm iarratais a íoslódáil.
Íoslódáil an Fhoirm Iarratais ag an nasc seo
Spriocdháta sínte: Dé hAoine 28 Meitheamh 2024
Eolas ginearálta
Is iad Oifig na Gaeilge agus Coiste na Gaeilge a riarann an Scéim Cónaithe i gcomhar le Cláraitheoir na Seomraí d’fhonn úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i saol na hollscoile trí chóiríocht lán-Ghaeilge a chur ar fáil do mhic léinn le Gaeilge a ghlacann le agus a chomhlíonann coinníollacha na Scéime.
Táthar ag lorg mic léinn céad bhliana a bhfuil Gaeilge acu agus atá sásta í a labhairt ina saol laethúil, a thacóidh le himeachtaí Gaeilge, agus a chomhlíonfaidh coinníollacha eile na Scéime. Tá dualgas ar an mac léinn féin costais na cóiríochta a íoc ach cuirtear deontas €1,000 ar fáil don bhliain acadúil chun cuidiú leis na costais sin. Íoctar leath den deontas i ndiaidh Théarma na Féile Michíl agus an leath eile ag deireadh na bliana acadúla.
Ní mór iarratas ar leithligh a dhéanamh, lasmuigh d'iarratas ar an Scéim Cónaithe, leis an Oifig Cóiríochta dá mba mhaith leat maireachtáil i Halla na Tríonóide. Sa chaoi sin mura n-éiríonn leat áit a bhaint amach ar an Scéim Cónaithe, d'fhéadfadh deis a bheith agat go fóill spás a fháil i gcóiríocht na hollscoile. Is féidir nóta a chur le d'iarratas le rá gur mian leat a bheith lonnaithe san fhoirgneamh ina mbeidh mic léinn na Scéime Cónaithe ("close to An Scéim Cónaithe apartments"). Ní gá iarratas a bheith déanta ar chóiríocht i Halla na Tríonóide chun iarratas a dhéanamh ar an Scéim Cónaithe.
An Chóiríocht - Halla na Tríonóide, Dartraí, BÁC 6
- Tá dhá spás déag ar fáil.
- Tá dhá árasán i gceist agus beidh seisear mac léinn i ngach árasán (d'fhéadfadh meascán inscní a bheith i gceist).
- Beidh seomra codlata agus seomra folctha dá gcuid féin ag gach mac léinn. Roinnfidh siad an chistin/seomra suite leis an gcúigear mac léinn eile.
- Tá tuilleadh eolais faoi Halla na Tríonóide ag an nasc seo.
An gcomhlíonann tú na critéir thíos?
- Beidh tú i do mhac léinn fochéime, lánaimseartha sa chéad bhliain i gColáiste na Tríonóide i mí Mheán Fómhair 2024.
- Ba mhaith leat cóiríocht a roinnt le cainteoirí Gaeilge eile.
- Tá Gaeilge agat agus teastaíonn uait í a labhairt i do shaol laethúil.
- Níl cónaí ort i mórcheantar Bhaile Átha Cliath.
An Próiseas Iarratais
Bealtaine/Meitheamh
Osclaítear an próiseas iarratas agus tugtar cuireadh do mhic léinn foirm iarratais a líonadh.
Meitheamh/Iúil
Déantar gearrliostú ar na hiarratais agus tugtar cuireadh chun agallaimh do na mic léinn a bhaineann amach áit ar an ngearrliosta.
Tar éis na n-agallamh, roghnófar dháréag mac léinn don Scéim Cónaithe agus ofrálfar spás i lóistín Choláiste na Tríonóide i Halla na Tríonóide do na mic léinn sin.
Íoslódáil an Fhoirm Iarratais ag an nasc seo
Spriocdháta sínte: Dé hAoine 28 Meitheamh 2024
Lean Oifig Gaeilge Choláiste na Tríonóide ar na meáin shóisialta: