Scéim Cónaithe an Champais/na Dara Bliana
Tá an próiseas iarratais do Scéim an Champais agus na Dara Bliana 2024-25 dúnta anois. Osclófar arís é i mí an Mhárta/Aibreáin 2025 agus beidh an fhoirm iarratais ar fáil le híoslódáil ón leathanach seo. Baineann an Scéim Cónaithe seo le mic léinn reatha i gColáiste na Tríonóide. Tá tuilleadh eolais faoin Scéim Cónaithe thíos. Tá dhá chuid leis an Scéim Cónaithe seo: a) Scéim Cónaithe an Champais: do mhic léinn fochéime i mBliain 2, Bliain 3 agus Bliain 4 (12 spás). b) Scéim Cónaithe na Dara Bliana i Halla na Tríonóide: do mhic léinn fochéime i mBliain 2 amháin (6 spás). Eolas Ginearálta ar an Scéim CónaitheIs iad Oifig na Gaeilge agus Coiste na Gaeilge a riarann an Scéim i gcomhar le Cláraitheoir na Seomraí d’fhonn úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i saol na hollscoile trí chóiríocht lán-Ghaeilge a chur ar fáil do mhéid áirithe mac léinn a ghlacann le agus a chomhlíonann coinníollacha na Scéime. Táthar ag lorg mic léinn fochéime lánaimseartha i mBlianta 2, 3 agus 4 a bhfuil Gaeilge líofa acu agus atá sásta í a labhairt san árasán ar bhonn laethúil, a thacóidh le himeachtaí Gaeilge, agus a chomhlíonfaidh coinníollacha eile na Scéime. Tá dualgas ar gach mac léinn táillí iomlána na cóiríochta a íoc ach cuirtear deontas €1,000 an duine ar fáil don bhliain acadúil chun cuidiú leis na costais sin. Íoctar leath den deontas i ndiaidh Théarma na Féile Michíl agus an leath eile ag deireadh na bliana acadúla. Ní mór iarratas ar leithligh a dhéanamh, lasmuigh den iarratas ar an Scéim Cónaithe, leis an Oifig Cóiríochta dá mba mhaith leat maireachtáil ar an gcampas nó i Halla na Tríonóide. Sa chaoi sin mura n-éiríonn leat áit a fháil ar an Scéim, beidh deis agat go fóill spás a fháil i gcóiríocht na hollscoile. Tá tuilleadh eolais ar chóiríocht Choláiste na Tríonóide le fáil ag an nasc seo. Is féidir spás a thairiscint don dara huair ar líon teoranta mac léinn a bhí ar an Scéim cheana ach ní féidir áit a bhaint amach ar an Scéim níos mó ná dhá uair. An Chóiríochta) Bá na Luibheolaíochta ar champas Choláiste na Tríonóide
b) Halla na Tríonóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6
An Próiseas IarrataisMárta/Aibreán Oscaítear an próiseas iarratas agus tugtar cuireadh do mhic léinn foirm iarratais a líonadh. Aibreán/Bealtaine Déantar gearrliostú ar na hiarratais agus tugtar cuireadh chun agallaimh do na mic léinn a bhaineann amach áit ar an ngearrliosta. Tar éis na n-agallamh, roghnaítear dháréag mac léinn do Scéim an Champais agus seisear mac léinn do Scéim na Dara Bliana (18 mac léinn in iomlán) agus ofrálfar spás i lóistín Choláiste na Tríonóide do na mic léinn sin. Lean Oifig Gaeilge Choláiste na Tríonóide ar na meáin shóisialta:@GaeloifigTCD / @GaeloifigTCD / @GaeloifigTCD
|