An Cumann Gaelach
Tá an Cumann Gaelach ar ceann de na cumainn mac léinn is mó i gColáiste na Tríonóide. Bunaíodh an cumann sa bhliain 1908 agus bhí neart pearsanra stairiúla bainteach leis tríd na blianta.
Eagraíonn an Cumann neart imeachtaí sóisialta agus cultúrtha i rith na bliana, ar nós díospóireachtaí, léachtaí/cainteanna poiblí, seisiúin ceoil agus amhránaíochta, ranganna damhsa agus eile. Tugann an Cumann turas ar Oireachtas na Gaeilge gach bliain. Eagraíonn an Cumann ciorcal comhrá gach oíche Mhairt i rith an téarma i Seomra na Gaeilge, agus glacann na baill pairt in oíche na mac léinn i gClub Chonradh na Gaeilge ar Shraid Fhearchair an oíche chéanna. Buaicphoiuste na bliana ná Éigse na Tríonóide, mór-fhéile bhliantúil theanga agus chultúrtha, a reáchtaltar i gcomhar le hOifig na Gaeilge.
Tá ballraíocht sa Chumann oscailte do gach ball de phobal an Cholaiste, agus tá tuilleadh eolais ar fáil ar a shuíomh gréasáin www.cumann.ie.