News Archive July to September 2008
An Seanadóir Ross ag fáiltiú roimh cheapachán
Tá fáilte curtha ag an Seanadóir Shane Ross roimh cheapachán Oifigeach lánaimseartha Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Duirt an Seanadóir Ross go bhfuil sé tábhachtach, agus ciorrúcháin Riltais á fhógairt, nách mbeadh an t-oideachas thíos leis. Dúirt an tUas Ross go bhfuil traidisiún bródúil ag an gColáiste i gcur chun cinn na teanga- ag tagairt don Phropast William Bedell sa 17ú aois, don Dr Dúghlas de hÍde a bhí ina mhac léinn sa choláiste agus don scríbhneoir Máirtín O Cadhain, a bhí ina Ollamh le Gaeilge. Tá ceapachán an Oifigh nua ag teacht le tiomantas an Choláiste don Ghaeilge, a dúirt sé. Mhol an Seanadóir an Cumann Gaelach agus an tsuim atá léirithe ag na fochéimithe sa teanga.
12 MF 2008