Scéimeanna Teanga an Choláiste
Tríú Scéim Teanga Choláiste na Tríonóide
Tháinig an Tríú Scéim Teanga de chuid Choláiste na Tríonóide i bhfeidhm go hoifigiúil ar an Déardaoin 1 Meitheamh 2017.
Seoladh an Dara Scéim Teanga de chuid na hollscoile go hoifigiúil ar an Céadaoin 27 Samhain 2013 agus eoladh an chéad Scéim Teanga ar an Céadaoin 10 Feabhra 2010.
Sna scéimeanna seo, leagtar amach na réimsí ina bhfuil Coláiste na Tríonóide tiomanta d’fheabhsú sna seirbhísí dátheangacha a chuirtear ar fáil do bhaill foirne, do mhic léinn agus don phobal i gcoitinne.
- Cuimsíonn gealltanais na scéime traenáil agus earcaíocht foirne, seirbhísí custaiméara dátheangacha, suímh ghréasáin an Choláiste agus foilseacháin dhátheangacha, na meáin agus teicneolaíocht faisnéise, mar aon leis an nGaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo ar an gcampas agus sa tsochaí.
- Is féidir an chéad dá scéim teanga a léamh ina iomláin trí bhrú ar na híomhánna thíos.
- Tá tuilleadh eolais ar an tríú scéim, lena n-áirítear an cháipéis féin, le fáil ar an leathanach seo.