Access to the University over the Christmas and New Year holidays will be reduced at the end of business on Monday the 23rd of December 2024 to the start of business on Thursday the 2nd of January 2025.  The details are set out below.

Laghdófar rochtain ar an Ollscoil le linn laethanta saoire na Nollag agus na hAthbhliana ag am scoir Dé Luain 23 Nollaig 2024 go dtí maidin Déardaoin 2 Eanáir 2025. Tá na sonraí leagtha amach thíos.

Access for Residents & Essential Staff

When the gates are closed, access for Residents and Essential Staff on foot is through Front Gate only or by vehicle through Lincoln Place Gate only by appointment or by contacting the Security Services Control Room on 01 896 1317 in advance. Essential Staff lists should be submitted to the Estates & Facilities Services estatesandfacilities@tcd.ie no later than the close of business on Tuesday the 17th of December 2024.

Rochtain do Chónaitheoirí & do Bhaill Foirne Riachtanacha

Nuair a bheidh na geataí dúnta, beidh rochtain ag cónaitheoirí agus ag baill foirne riachtanacha atá ag siúl tríd an nGeata Tosaigh amháin nó má tá siad ag tiomáint, trí Gheata Phlás Lincoln amháin le coinne, nó trí theagmháil a dhéanamh le Seomra Rialaithe na Seirbhísí Slándála roimh ré ag 01 896 1317. Ba cheart liostaí de bhaill foirne riachtanacha a chur faoi bhráid Sheirbhísí na nEastát agus na Saoráidí estatesandfacilities@tcd.ie tráth nach déanaí ná am scoir ar an Máirt 17 Nollaig 2024.

City Centre Island Campus Gate Times

See the table.

Amanna na nGeataí don Champas Oileáin i Lár na Cathrach

Féach ar an tábla thíos.

External Campuses

Access times may vary, and Departmental / School Managers should consult with their Premises Manager.

Campais Sheachtracha

D’fhéadfadh amanna rochtana a bheith éagsúil óna chéile, agus ba cheart do Bhainisteoirí Roinne/Scoile dul i gcomhairle leis an mBainisteoir Áitribh atá acu.

University Buildings

All University buildings will close on Monday the 23rd of December 2024 and will re-open at the appropriate times on Thursday the 2nd of January 2025.

Foirgnimh na hOllscoile

Dúnfaidh foirgnimh uile na hOllscoile Dé Luain 23 Nollaig 2024 agus osclóidh siad arís ag na hamanna cuí Déardaoin 2 Eanáir 2025.

Post Room Railway Arch No 1

The Post Room will close on Monday the 23 of December 2024 at 12:00 and reopen on Friday the 3rd of January 2025 at 07:00 when deliveries will commence.

An Seomra Poist – Droichead Bóthar Iarainn Uimh 1

Dúnfaidh an Seomra Poist ag 12:00 Dé Luain 23 Nollaig 2024 agus osclóidh sé arís ag 07:00 Dé hAoine 3 Eanáir 2025 nuair a a chuirfear tús le seachadtaí arís.

Security Advice

During the Christmas and New Year period the University is more vulnerable to opportunities as some Departments / Schools will have decreased or no activity in their areas from the close of business on Monday the 23rd of December 2024 until Thursday the 2nd of January 2025.

It is important Departments / Schools take every necessary precaution to minimise the vulnerability by ensuring that all items of value are secured and out of sight, particularly in the case of ground floor offices and facilities. Petty cash boxes and small portable items such as laptops, cameras etc. should be securely stored in office safes and steel presses. Do not leave the keys of receptacles containing such items in desk drawers or anywhere else in the office.

Ensure that all (external) door and window locking devices are in perfect working order. If maintenance is required on these devices, report it to the Estates & Facilities Service Centre at estatesandfacilities@tcd.ie without delay.  Check all offices / rooms and other facilities for security and /or other hazards prior to securing the building.

Make sure that all external doors (including fire doors if buildings are unoccupied on the day in question) and windows are properly secured before departing the University.

Particular attention should be paid to securing ground floor doors and windows on the University perimeter i.e. Pearse Street, Westland Row and Lincoln Place / South Leinster Street, 8 Westland Square, Dunlop Oriel, Fenian Street, the building group at College Green / Foster Place, School of Nursing, D’Olier St., and the Trinity Centre for Health Sciences in St. James’s Hospital and AMNCH.

Establish procedures for access during the holiday period, if necessary, which will not compromise building / office security.

Comhairle maidir le Slándáil

Le linn thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana, bíonn baol slándála ann don Ollscoil toisc go mbíonn an ghníomhaíocht laghdaithe nó ní bhíonn gníomhaíocht ar bith i roinnt Ranna/Scoileanna ó am scoir Dé Luain 23 Nollaig 2024 go dtí Déardaoin 2 Eanáir 2025.

Tá sé tábhachtach do na Ranna/Scoileanna gach réamhchúram is gá a dhéanamh chun an baol a íoslaghdú trína chinntiú go bhfuil gach aon ní luachmhar faoi ghlas agus as radharc, go háirithe i gcás oifigí agus saoráidí atá ar urlár na talún. Ba cheart boscaí mionairgid agus earraí beaga iniompartha cosúil le ríomhairí glúine, ceamaraí srl. a stóráil faoi ghlas i dtaisceáin oifige agus i gcófraí cruach. Ná fág eochracha gabhdán ina bhfuil nithe den sórt sin i dtarraiceáin dheisce nó in áit ar bith eile san oifig.

Cinntigh go bhfuil gach gléas glasála (seachtrach) ar dhoirse agus ar fhuinneoga ag feidhmiú mar is cuí. Más gá cothabháil a dhéanamh ar na gléasanna sin, cuir in iúl do Lárionad Seirbhíse Oifig na nEastát & na Saoráidí é ag estatesandfacilities@tcd.ie gan mhoill. Seiceáil gach oifig/seomra agus saoráid eile le haghaidh guaiseacha slándála agus/nó guaiseacha eile sula gcuirtear an foirgneamh faoi ghlas.

Déan deimhin de go bhfuil na doirse (lena n-áirítear doirse dóiteáin mura bhfuil éinne san fhoirgneamh ar an lá atá i gceist) agus na fuinneoga seachtracha go léir daingnithe mar is ceart sula bhfágtar an Ollscoil.

Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhoirse agus ar fhuinneoga ar urlár na talún ar imlíne an Choláiste a dhaingniú i.e. Sráid an Phiarsaigh, Rae an Iarthair, Plás Lincoln/Sráid Laighean Theas, 8 Cearnóg an Iarthair, Teach Dunlop Oriel, Sráid na bhFíníní, na foirgnimh ag Faiche an Choláiste/Plás Foster, Scoil an Altranais, Sráid D’Olier, Lárionad Choláiste na Tríonóide do na hEolaíochtaí Sláinte in Ospidéal San Séamas agus AMNCH.

Cuir nósanna imeachta ar bun maidir le rochtain le linn na saoire, más gá, nach gcuirfidh isteach ar shlándáil an fhoirgnimh/na hoifige.

Health & Safety

If access is required over the holiday, please use the “Safezone App” allowing you to call for help in the event of an emergency. Please use the make sure you are aware of the Lone Working Policy.

Please make sure in Laboratories and Research Facilities that all gases that are not required for over the holiday period are turned off. Please ensure in Laboratories and Research Facilities that whatever can be is switched off and anything else is left in a safe condition.

Please ensure that all non-essential IT equipment, electrical equipment, and lighting that are not required over the holiday period are shut down correctly and safely. Have a look around your desk and make sure any extension leads or charging devices are unplugged whilst you are away. Unplug and switch off any non-essential kitchen items and ensure all doors and windows are closed correctly.

If you have additional Christmas decorations make sure they are switched off or unplugged.

Sláinte & Sábháilteacht

Má tá rochtain ag teastáil le linn na saoire, bain úsáid as an aip “SafeZone” le do thoil chun cabhair a lorg i gcás éigeandála. Déan cinnte de go bhfuil tú eolach ar Pholasaí Oibre Aonair an Choláiste.

Déan deimhin de, le do thoil, go gcastar as na gásanna go léir nach bhfuil gá leo i Saotharlanna agus i Saoráidí Taighde le linn na saoire. Cinntigh go gcastar as aon ní ar féidir a chasadh as i Saotharlanna agus i Saoráidí Taighde agus go bhfágtar aon ní eile i riocht sábháilte. 

Déan deimhin de, le do thoil, go múchtar i gceart agus go sábháilte gach trealamh TF neamh-riachtanach, trealamh leictreach agus soilsiú nach bhfuil gá leo le linn na saoire. Féach timpeall ar do dheasc agus cinntigh nach bhfuil aon cháblaí sínteacha ná gléasanna luchtaithe plugáilte isteach agus tú imithe. Díphlugáil agus cas as aon ghléasanna neamh-riachtanacha sa chistin agus cinntigh go bhfuil na doirse agus fuinneoga go léir dúnta i gceart.

Má tá maisiúcháin Nollag bhreise agat, cinntigh go bhfuil siad casta as nó nach bhfuil siad plugáilte isteach. 

Contact numbers – Security 01 896 1317 or EMERGENCY 01 896 1999

Uimhreacha teagmhála – Slándáil 01 896 1317 nó ÉIGEANDÁIL 01 896 1999