Baile
Is í aidhm na hOifige Chomhionannais ná an comhionannas a chur chun cinn i measc bhall foirne, mhac léinn agus cuairteoirí i gColáiste na Tríonóide, i ngach aon ghné de shaol na hollscoile. Pléann an Oifig ach go háirithe leis na forais leithcheala atá ann i reachtaíocht comhionannais na tíre.
Cuireann an Oifig Chomhionannas a cuspóirí i grích trí na gníomhaíochtaí seo a leanas:
- comhairle a thabhairt don Choiste Chomhionannais agus don Bhord maidir le comhlíonadh na reachtaíochta comhionannais
- cabhrú le polasaithe agus cleachtais a fhorbairt, ina gcuirtear an comhionannas chun cinn
- pobal an choláiste a chur ar an eolas faoi chúrsaí chomhionannais trí thraenáil, chumarsáid agus imeachtaí
- eolas a chur ar fáil do mhic léinn, bhaill foirne agus bhaill den phobal maidir le polasaithe agus cleachtais chomhionannais i gColáiste na Tríonóide
- tuairiscí a scríobh ar chúrsaí comhionannais agus éagsúlachta i gColáiste na Tríonóide
- feidhmiú mar rúnaí den Choiste Comhionannais agus a chuid fochoistí
- páirt a ghlacadh i nGreásán Comhionannais Chumann Ollscoileanna na hÉireann
- tionscadail éagsúla a chur i bhfeidhm i gColáiste na Tríonóide, ina n-áirítear an Ciste Comhionannais, clár traenála "LEAD" agus Seachtain Idirnáísiúnta na mBan
Ní phléann an tOifigeach Comhionannais le cúrsaí disciplíne nó le ciaptha, agus ní thugann an tOifigeach comhairle dlí.