Caithfidh gach mac léinn Clárú mar Mhac Léinn gach bliain. An chúis atá leis seo ná lena dheimhniú go bhfuil an fhaisnéis ar do thaifead mar mhac léinn cruinn beacht. Cuireann an Chlárlann Acadúil teachtaireacht ‘Cuireadh chun Clárú’ chuig an tráidire isteach ar an tairseach my.tcd.ie chuig gach iontrálaí nua agus gach mac léinn atá ag leanúint ar aghaidh agus atá i dteideal clárú don bhliain acadúil atá le teacht.
Beidh mic léinn nua ón Lár-Oifig Iontrála in ann teacht ar an tairseach my.tcd.ie sula ndéanfaidh siad clárú leis an ainm úsáideora a thabharfar dóibh i gcéim na Tairisceana. Cuirfear mic léinn ar an eolas faoin tslí an pasfhocal a fháil roimh an gclárúchán. Is féidir le mic léinn atá ag leanúint ar aghaidh an t-ainm úsáideora agus pasfhocal atá acu cheana féin a úsáid le dul isteach ar an tairseach my.tcd.ie.
Féach an físeán thíos ina bhfuil treoir céim ar chéim don phróiseas clárúcháin. Tá tuilleadh eolais faoi choinne mic léinn fochéime agus iarchéime ar bhun an leathanaigh.
Tá Treoirleabhar Clárúcháin againn anseo más mian leat amharc ar chur síos níos mionsonraithe.
An leagan Gaeilge de d’ainm a úsáid ar do chárta aitheantais mic léinn.
Tá dhá bhealach ann más mian leat an leagan Gaeilge de d’ainm a úsáid ar do thaifead mic léinn, ag brath ar má tá foirm aitheantais agat a bhfuil d’ainm i nGaeilge uirthi nó nach bhfuil.
- Comhartha Aitheantais oifigiúil i nGaeilge
Más mian leat d’ainm a athrú go Gaeilge ar do thaifead mic léinn agus má tá comhartha aitheantais nó cáipéisíocht oifigiúil agat ar a luaitear an leagan Gaeilge de d’ainm, is féidir leat an fhoirm chaighdeánach ‘Foirm chun Sonraí Pearsanta a Athrú’ a chur isteach.
- Gan aon Chomhartha Aitheantais oifigiúil i nGaeilge
Más rud é nach bhfuil aon chomhartha aitheantais ná cáipéisíocht oifigiúil agat ar a luaitear d’ainm i nGaeilge, is féidir leat d’ainm a athrú chuig an leagan Gaeilge ar do thaifead mic léinn go fóill. Beidh ort an leagan a bhaineann le hainmneacha Gaeilge den fhoirm ‘Foirm chun Sonraí Pearsanta a Athrú’ a chomhlánú agus beidh ar an Oifigeach Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, an t-aistriúchán sin a dheimhniú.
Is gá an fhoirm sin a chomhlánú agus a chur isteach in éineacht leis an bhfoirm chaighdeánach ‘Foirm chun Sonraí Pearsanta a Athrú’.
Nósanna Imeachta Clárúcháin eile
Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána
In amanna bíonn ar mhic léinn ar chúrsaí a bhfuil socrúcháin chliniciúla nó socrúcháin ghairmiúla eile ag baint leo dul faoi nósanna imeachta grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána sula gcuireann siad tús leis na socrúcháin sin. Tá na foirmeacha maidir le Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána ar fáil ar an Leathanach Ionduchtaithe. Gheobhaidh mic léinn iarchéime a bhfoirmeacha ón scoil a bhfuil staidéar ar bun acu ann.
I gcás mic léinn a raibh cónaí orthu i dtír seachas Éire ar feadh tréimhse leanúnach 6 mhí nó níos faide ná sin, beidh ar na mic léinn sin cáipéisíocht imréitigh póilíneachta a chur ar fáil ón tír a raibh cónaí orthu inti agus iad ag clárú.
Ní mór na foirmeacha comhlánaithe a chur ar ais chun na Clárlainne Acadúla roimh an gclárúchán.
Scagthástáil Sláinte
In amanna bíonn ar mhic léinn ar chúrsaí a bhfuil socrúcháin chliniciúla ag baint leo dul faoi scagthástáil sláinte. Ós rud é go nglacfaidh sé am chun an próiseas seo a chur i gcrích, tá sé tábhachtach go gcuirfidh tú tús leis díreach i ndiaidh duit glacadh leis an tairiscint. Is gá an scagthástáil sláinte a chur i gcrích faoi mhí Dheireadh Fómhair i mbliain acadúil nua nó d’fhéadfaí mac léinn a tharraingt as an gcúrsa agus bheadh táille athiontrála i gceist ansin.
Tá treoirlínte ginearálta maidir leis an bpróiseas scagthástála sláinte a chur i gcrích ar fáil ar an suíomh gréasáin ionduchtaithe anseo.
Faigh amach an bhfuil do chúrsa féin ar liosta na gcúrsaí a bhfuil riachtanais scagthástála sláinte ag baint leo sa rannóg dar teideal ‘Eolas Tábhachtach faoin gCúrsa’.
Tá an rannóg fochéime anseo.