Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Scéim Cónaithe na Chéad Bhliana i Halla na Tríonóide

Tá próiseas iarratais do Scéim Cónaithe na Céad Bhliana 2024-25 oscailte faoi láthair.

Is do mhic léinn céad bhliana an Scéim seo. Cuirtear an chóiríocht ar fáil in árasáin Ghaeilge i Halla na Tríonóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6 mar aon le deontas €1,000 do gach mac léinn a ghlacann páirt sa Scéim.

Fáiltítear roimh mhic léinn a bheidh sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2024 iarratas a dhéanamh tríd an fhoirm iarratais thíos a íoslódáil agus a líonadh. Tá an Scéim Cónaithe oscailte do mhic léinn ó mhórthimpeall na hÉireann agus thar lear atá líofa sa Ghaeilge agus a bhfuil fonn orthu í a labhairt go laethúil. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir glacadh le hiarratais ó dhaoine a bhfuil cónaí orthu laistigh de mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Léigh an t-eolas ar an leathanach seo go cúramach agus ansin cliceáil ar an nasc thíos chun an fhoirm iarratais a íoslódáil.

Íoslódáil an Fhoirm Iarratais ag an nasc seo 
Spriocdháta: Dé Luain 10 Meitheamh 2024

 

Eolas ginearálta

Is iad Oifig na Gaeilge agus Coiste na Gaeilge a riarann an Scéim Cónaithe i gcomhar le Cláraitheoir na Seomraí d’fhonn úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i saol na hollscoile trí chóiríocht lán-Ghaeilge a chur ar fáil do mhic léinn le Gaeilge a ghlacann le agus a chomhlíonann coinníollacha na Scéime.

Táthar ag lorg mic léinn céad bhliana a bhfuil Gaeilge acu agus atá sásta í a labhairt ina saol laethúil, a thacóidh le himeachtaí Gaeilge, agus a chomhlíonfaidh coinníollacha eile na Scéime. Tá dualgas ar an mac léinn féin costais na cóiríochta a íoc ach cuirtear deontas €1,000 ar fáil don bhliain acadúil chun cuidiú leis na costais sin. Íoctar leath den deontas i ndiaidh Théarma na Féile Michíl agus an leath eile ag deireadh na bliana acadúla.

Ní mór iarratas ar leithligh a dhéanamh, lasmuigh d'iarratas ar an Scéim Cónaithe, leis an Oifig Cóiríochta dá mba mhaith leat maireachtáil i Halla na Tríonóide. Sa chaoi sin mura n-éiríonn leat áit a bhaint amach ar an Scéim Cónaithe, d'fhéadfadh deis a bheith agat go fóill spás a fháil i gcóiríocht na hollscoile. Is féidir nóta a chur le d'iarratas le rá gur mian leat a bheith lonnaithe san fhoirgneamh ina mbeidh mic léinn na Scéime Cónaithe ("close to An Scéim Cónaithe apartments"). Ní gá iarratas a bheith déanta ar chóiríocht i Halla na Tríonóide chun iarratas a dhéanamh ar an Scéim Cónaithe.

An Chóiríocht - Halla na Tríonóide, Dartraí, BÁC 6

  • Tá dhá spás déag ar fáil.
  • Tá dhá árasán i gceist agus beidh seisear mac léinn i ngach árasán (d'fhéadfadh meascán inscní a bheith i gceist).
  • Beidh seomra codlata agus seomra folctha dá gcuid féin ag gach mac léinn. Roinnfidh siad an chistin/seomra suite leis an gcúigear mac léinn eile.
  • Tá tuilleadh eolais faoi Halla na Tríonóide ag an nasc seo.

An gcomhlíonann tú na critéir thíos?

  • Beidh tú i do mhac léinn fochéime, lánaimseartha sa chéad bhliain i gColáiste na Tríonóide i mí Mheán Fómhair 2024.
  • Ba mhaith leat cóiríocht a roinnt le cainteoirí Gaeilge eile.
  • Tá Gaeilge agat agus teastaíonn uait í a labhairt i do shaol laethúil.
  • Níl cónaí ort i mórcheantar Bhaile Átha Cliath.

An Próiseas Iarratais

Bealtaine/Meitheamh

Osclaítear an próiseas iarratas agus tugtar cuireadh do mhic léinn foirm iarratais a líonadh.

Meitheamh/Iúil

Déantar gearrliostú ar na hiarratais agus tugtar cuireadh chun agallaimh do na mic léinn a bhaineann amach áit ar an ngearrliosta.

Tar éis na n-agallamh, roghnófar dháréag mac léinn don Scéim Cónaithe agus ofrálfar spás i lóistín Choláiste na Tríonóide i Halla na Tríonóide do na mic léinn sin.

Íoslódáil an Fhoirm Iarratais ag an nasc seo 
Spriocdháta sínithe: Dé Luain 10 Meitheamh 2024

 

Lean Oifig Gaeilge Choláiste na Tríonóide ar na meáin shóisialta:

File:Instagram logo 2016.svg - Wikimedia Commons@GaeloifigTCD / Who Made That Twitter Bird? - The New York Times @GaeloifigTCD / Facebook logo and symbol, meaning, history, PNG @GaeloifigTCD


Nuashonraithe 15 5 2024 ag .